Skip the Northern Ireland Government Bar|


26 Iúil 2010

Faomhann Ruane cónascadh dhá scoile i nDún Pádraig

D’fhaomh an tAire Oideachais, Caitríona Ruane moladh forbartha le Bunscoil Naomh Pádraig agus Bunscoil Chlochar na Trócaire i nDún Pádraig a chónascadh.

Agus í ag míniú an chinnidh, dúirt an tAire: “Trí chónascadh Bhunscoil Naomh Pádraig agus Bhunscoil Chlochar na Trócaire, Dún Pádraig, cruthófar bunscoil agus Aonad Gaeilge áitiúil inmharthana chomhoideachais.  

“Creidim go bhfuil na scoileanna seo in ann cónascadh rathúil a bhaint amach agus beifear ábalta curaclam leathan cothrom agus réimse leathan gníomhaíochtaí seach-churaclaim a sholáthar do na daltaí. Chomh maith leis sin, leanfar d’fhás an aonaid Ghaeilge de réir mar a mhéadaíonn éileamh na dtuismitheoirí i nDún Pádraig.

“Ba mhaith liom an deis seo a ghlacadh le gach rath a ghuí ar an fhoireann agus ar na daltaí don am atá le teacht.”

Nótaí d’Eagarthóirí:

1. Ar 16 Márta 2010, d’fhoilsigh Bord Oideachais agus Leabharlainne an Oirdheiscirt Moladh Forbartha Uimh. 215, a mhol conáscadh idir Bunscoil Naomh Pádraig agus Bunscoil Chlochar na Trócaire le héifeacht ón 1 Meán Fómhair 2011 nó a luaithe is féidir ina dhiaidh sin. Tháinig deireadh leis an tréimhse reachtúil agóide de dhá mhí ar 16 Bealtaine 2010.

2. Is bunscoileanna leithleacha aonghnéis faoi chothabháil iad na scoileanna faoi láthair ach tá Aonad comhoideachasúil Gaeilge i mBunscoil Naomh Pádraig.  Cónascfar na scoileanna i dtosach ar shuíomh Chlochar na Trócaire.

3. Fiosrúcháin ó na meáin chumarsáide chuig Preasoifig na Roinne Oideachais ar 028 9127 9701. Taobh amuigh d’uaireanta oifige, déan teagmháil leis an Phreas-Oifigeach ar Dualgas ar an uimhir ghlaoire 07699 715 440 agus cuirfear scairt ar ais ort.

Related links

Downloads