Bunscoil rialaithe lán-Ghaeilge úr faofa ag O’Dowd do Dhún Geimhin
29 Bealtaine 2012
Tá faofa ag an Aire Oideachais, John O’Dowd, go mbunófar bunscoil úr lán-Ghaeilge i nDún Geimhin.
Beidh an scoil seo, a dtabharfar Gaelscoil Neachtain uirthi, ar an chéad Ghaelscoil le hoscailt áit ar bith sa tuaisceart laistigh den earnáil rialaithe.
Mar aon le bunú na scoile úire seo a fhaomhadh, d’fhaomh an tAire druidim an aonaid lán-Ghaeilge i mBunscoil Naomh Cainneach, Dún Geimhin, ó 31 Lúnasa 2012.
Arsa an tAire: “Is léir go bhfuil éileamh ann do sholáthar trí mheán na Gaeilge i gceantar Dhún Geimhin nó tá sé seo soiléir le líon na rolluithe san aonad lán-Ghaeilge i mBunscoil Naomh Cainneach. Mothaíonn na tuismitheoirí anois, agus aontaím féin leo, go bhfuil sé in am trátha anois Gaelscoil neamhspleách a bhunú.
“Molaimse Bord Gobharnóirí agus foireann an aonaid lán-Ghaeilge i mBunscoil Naomh Cainneach as a ndúthracht thar thréimhse de 10 mbliana agus soláthar rathúil foghlama trí mheán na Gaeilge á fhorbairt acu. Is é seo an bhunsraith ar a dtig scoil neamhspleách rathúil a thógáil. Guímse gach rath ar an scoil úr, Gaelscoil Neachtain, don todhchaí.”
Nótaí d’Eagarthóirí:
- Ar 11 Eanáir, d’fhoilsigh Bord Oideachais agus Leabharlann an Iarthair (WELB) moladh forbartha inar moladh go mbunófaí bunscoil rialaithe lán-Ghaeilge úr, a dtabharfaí Gaelscoil Neachtain uirthi, i nDún Geimhin, a d’osclófaí ar 1 Meán Fómhair 2012, nó chomh luath agus ab fhéidir ina dhiaidh sin.
- Ba ó thuismitheoirí a bhfuil páistí leo ag freastal ar an aonad lán-Ghaeilge i mBunscoil Naomh Cainneach i láthair na huaire a d’eascair an moladh go mbunófaí Gaelscoil rialaithe neamhspleách úr.
- Seo an chéad mholadh go n-osclófaí Gaelscoil rialaithe. Tá, i láthair na huaire, Gaelscoil amháin san earnáil rialaithe, Bunscoil Mhic Reachtain i mBéal Feirste, ach d’aistrigh an scoil seo ó stádas faoi chothabháil go dtí stádas rialaithe in 2004.
- Ar 7 agus 8 Márta 2012, i ndiaidh iarratas ó Chomhairle na Scoileanna Caitliceacha faoi Chothabháil (CCMS), d’fhoilsigh Bord Oideachais agus Leabharlann an Iarthair (WELB) Moladh Forbartha Uimh 221, inar moladh go ndruidfí an sruth lán-Ghaeilge i mBunscoil Naomh Cainneach, Dún Geimhin, ar 31 Lúnasa 2012, nó chomh luath agus ab fhéidir ina dhiaidh sin.
- Is féidir amharc ar fhíseáin de chuid na Roinne Oideachais ar an chainéal YouTube s’againn ag: www.youtube.com/thedeptofeducation
- Is féidir grianghraif de chuid na Roinne Oideachais a fheiceáil sa bhailiúchán s’againn ag: www.flickr.com/niexecutive
- Fiosrúcháin ó na meáin; déantar teagmháil le Foireann Chumarsáide na Roinne Oideachais tríd an uimhir ghutháin 028 9127 97901. Lasmuigh d’uaireanta oifige, déantar teagmháil leis an Phreasoifigeach ar Dualgas tríd an uimhir ghlaoire 07699 715 440 agus cuirfear scairt ar ais ort.






