Cinneadh faoi scoil lán-Ghaeilge i gCill Chaoil fógartha ag an Aire
15 Meitheamh 2012
Tá an tAire Oideachais, John O’Dowd, i ndiaidh togra forbartha a fhaomhadh do scoil úr shaorsheasaimh lán-Ghaeilge, Gaelscoil na mBeann, i gCill Chaoil.
Agus é ag caint faoin chinneadh, dúirt an tUasal O’Dowd: “Tá dualgas reachtúil ar an Roinn forbairt na Gaelscolaíochta a spreagadh agus a éascú agus scrúdaím gach togra ar bhonn cothrom agus comhsheasmhach. Is léir go bhfuil tuismitheoirí ag éileamh oideachais trí mheán na Gaeilge dá gcuid páistí; tá ag éirí go maith leis an naíscoil atá ag feidhmiú sa cheantar cheana féin. Dá thairbhe sin, shocraigh mé stádas deontaschúnta a bhronnadh ar an scoil ar bhonn coinníollach agus guím gach rath ar an scoil amach anseo agus í ag iarraidh oideachas ar ardchaighdeán a chur ar fáil dá cuid daltaí trí mheán na Gaeilge.”
Nótaí d’eagarthóirí:
- Ar an 14 Samhain 2011, SELB Togra Forbartha Uimh. 268, rud a mhol gur chóir Bunscoil úr deontaschúnta Lán-Ghaeilge a bhunú, i gCill Chaoil, ón 1 Meán Fómhair 2012 nó a luaithe agus is féidir ina dhiaidh sin. Tháinig deireadh leis an tréimhse chomhairliúcháin dhá mhí ar an 16 Eanáir 2012.
- Bunaíodh Naíscoil na mBeann sa bhliain 2007. Tá sí lonnaithe in 139a Bóthar an Chaisleáin Nua, Cill Chaoil, Co. an Dúin.
- Tháinig Coiste Ghaelscoil na mBeann le chéile sa bhliain 2007 mar ghrúpa tuismitheoirí agus daoine eile a raibh spéis acu sa Ghaelscolaíocht, le soláthar Gaelscolaíochta a chur ar fáil i gceantar Chill Chaoil.
- Amharc ar fhíseáin de chuid na Roinne Oideachais ar ár gcainéal YouTube ag: www.youtube.com/thedeptofeducation
- Amharc ar ghrianghraif ón Roinn Oideachais inár mbailiúchán ag www.flickr.com/niexecutive
- Má tá ceist agat, déan teagmháil le Preasoifig na Roinne Oideachais Guthán: 028 9127 9207. Taobh amuigh d’uaireanta oifige, déan teagmháil leis an Phreasoifigeach atá ar dualgas ar an uimhir ghlaoire 076 99 715 440, agus cuirfear scairt ar ais ort.






