FÓGRAÍONN O’DOWD SCÉIM MHAOINITHE DON GHAEILGE DO SCOILEANNA SEIRBHÍSÍ BREISE
3 Deireadh Fómhair 2012
D’Fhógair an tAire Oideachais, John O’Dowd, Scéim Mhaoinithe inniu a spreagfaidh daltaí, tuismitheoirí agus an comhphobal a gcuid scileanna Gaeilge a fhorbairt.
Rinne an tAire an fógra seo le linn comhchuairte ag Bunscoil Eoin Baiste i bPort an Dúnáin leis an Aire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta, Carál Ní Chuilín. Nascann an clár seo leis an tionscadal Líofa de chuid na Roinne Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta agus leis an dréacht-straitéis don Ghaeilge. Soláthróidh an sraith clár seo acmhainní breise do Chnuasghrúpaí de Scoileanna Seirbhísí Breise atá ag feidhmiú cheana féin agus a ba mhian leo cur isteach ar mhaoiniú le reáchtáil cláir a fheabhsóidh an rochtain ar an nGaeilge.
Ag labhairt le linn a chuairte chuig St. John’s (Bunscoil Eoin Baiste) nuair a bhuail sé le daltaí agus le múinteoirí, dúirt an tAire O’Dowd: “Tá an Ghaeilge mar bhunchuid d’ár n-oidhreacht roinnte agus shaibhir agus tá dualgas reachtúil ar mo Roinn forbairt na gaelscolaíochta a éascú agus a spreagadh. Ba é ceann de na moltaí a d’eascair as an Athbhreithniú ar Ghaeloideachas ná go spreagfadh mo Roinn deiseanna neamhfhoirmeálta leis an nGaeilge a fhoghlaim tríd an gClár do Scoileanna Seirbhísí Breise agus go bhfeabhasófar an rochtain ar an ngaeloideachas do dhaoine nach bhfuil ag fáil oideachais trí mheán na Gaeilge faoi láthair.”
“Beidh gach Cnuasghrúpa de Scoileanna Seirbhísí Breise atá ag feidhmiú cheana féin in ann cur isteach ar mhaoiniú breise le cláir a chur ar fáil a spreagfaidh daltaí a gcuid scileanna Gaeilge a fhorbairt agus le tacaíocht a chur ar fáil do thuismitheoirí a ba mhian leo a gcuid scileanna litearthachta agus uimhearthachta féin a fhorbairt.”
Lean an tAire: “Tá mé chun £230k a chur ar fáil i mbliana agus tá rún agam leanúint leis an maoiniú don chéad dhá bhliain eile. Beidh seo ag brath ar an leibhéal spéise a léirítear agus ar an dul chun cinn a dhéantar ar an talamh.
Tacóidh an clár seo le mórsprioc uileghabhálach mo Roinn: caighdeáin oideachais a ardú do chách, an bearna fheidhmíochta a dhúnadh agus an rochtain ar oideachas agus ar chothromas a fheabhsú. Cuirfear maoiniú ar fáil chomh maith le tacú le cláir dírithe ar phobail a ba mhian leo a gcuid scileanna Gaeilge a fhorbairt d’fhonn an teanga a úsáid ar bhonn níos forleithne sa bhaile nó san ionad oibre.”
Beidh dlúthnasc idir an clár seo agus an tionscadal Líofa a lainseáil an tAire Cultúir, Carál Ní Chuilín mí Meán Fómhair seo caite le daoine a spreagadh le líofacht sa Ghaeilge a bhaint amach. Tá níos mó ná 2,700 duine sínithe suas le bliain anuas.
Dar leis an Aire Uí Chuilín: “Leanann Líofa ar aghaidh ag spreagadh samhlaíochta an-chuid daoine idir óg agus aosta fud fad an tuaiscirt. An mhí seo caite, rinneamar ceiliúradh ar an gcéad bhreithlá Líofa le cóisir i gCearnóg Theach Custaim i mBéal Feirste. Ócáid iontach dírithe ar theaghlaigh a bhí san ócaid seo a bheir ceol, cultúr agus teanga na Gaeilge go croílár Bhéal Feirste ar thráthnóna Sathairn.
“Tá sé mar aidhm ag Líofa gach saoránach – beag beann ar a chúlra nó a leibhéal saineolais – a spreagadh le sult a bhaint as saibhreas agus as uileghabhálacht na Gaeilge.
Le linn na cuairte, bhuail an bheirt Aire le daltaí agus le múinteoirí a bhí ag glacadh páirte sna gníomhartha seachscoile atá maoinithe tríd an gClár do Scoileanna Seirbhísí Breise. Dar leis an Aire O’Dowd: “Tá Bunscoil Eoin Baiste nasctha le seacht scoil eile ón gCnuasghrúpa de Scoileanna Seirbhísí Breise i bPort an Dúnáin a sholáthraíonn réimse gníomhartha ilchinéalach agus éagsúil. Tá lúcháir ar leith orm a fheiceáil go bhfuil roinnt clár do thuismitheoirí á sholáthar acu. Tá níos mó aitheantais don ról ríthábhachtach atá ag tuismitheoirí cabhrú lena bpáistí agus a gcuid foghlama a spreagadh. Eiseamláir iontach d’ionchur na dtuismitheoirí in oideachas a bpáistí atá sa phobal ag Bunscoil Eoin Baiste agus tá mé thar a bheith sásta fianaise den luach a chuireann an pobal seo ar oideachas a fheiceáil.”
Nótaí d’eagarthóirí:
1. Tá sé mar aidhm ag an gClár do Scoileanna Seirbhísí Breise caighdeáin ghnóthachtála agus deiseanna saoil fadtéarmacha do pháistí agus do dhaoine óga faoi mhíbhuntáiste a fheabhsú. Déantar seo tríd an tacaíocht bhreise chuí a chur ar fáil leis na páistí sin a chumasú len a bpoitéinsil iomlán a bhaint amach.
Láinseáilte i mBealtaine 2006, cuireadh £60 milliún de mhaoiniú ar fáil le sé bliana anuas tríd an gClár do Scoileanna Seirbhísí Breise. Ligeann seo do scoileanna atá ag feidhmiú sna ceantair is díothaí, réimse leathan seirbhísí agus gníomhartha a chur ar fáil lasmuigh den ghnáthlá scoile le freastal ar riachtanais daltaí, a dteaghlaigh agus na pobail áitiúla.
2. Eiseoidh an Roinn eolas sa bhreis, mar aon le sonraí iarratais faoin scéim mhaoinithe bhreise do na Scoileanna Seirbhísí Breise gan mhoill.
3. Tá feachtas fógraíochta nua ‘Is fearr i bhfad a éiríonn leis an oideachas nuair a bhíonn páirt agat féin ann’ leanseáilte ag an Roinn Oideachais. Spreagann an feachtas seo teaghlaigh le spraoi, le labhairt, le léamh agus le comhaireamh lena bpáistí toisc gur ‘fearri bhfad a éiríonn leis an oideachas nuair a bhíonn páirt agat féin ann’.
Bí ag faire amach do na fógraí ar theilifís, ar raidió agus ar suíomhanna lasmuigh. Cuireann an feachtas béim ar an ról rí-thábhachtach a bhíonn ag teaghlaigh cabhrú le páistí le go n-éireoidh go maith leo ar scoil agus lena gcuid deiseanna saoil a fheabhsú.
Téigh go www.nidirect.gov.uk/education-works le haghaidh eolais sa bhreis nó féach ar an bhfógra nua teilifíse ar chainéal YouTube na Roinne www.youtube.com/thedeptofeducation.
4. Le ceisteanna na meán, déan teagmháil le Preasoifig na Roinne Oideachais ar 028 9127 9701. Lasmuigh d’uaireanta oifige, déan teagmháil leis an Oifigeach Preas ar Dualgas ar an uimhir ghlaoire 07699 715 440 agus cuirfear freagra ar do ghlaoch.






