Skip the NI Direct Bar


CEAPACHÁN COMHALTAÍ ‘LEASA COITINN’ CHUIG NA BOIRD OIDEACHAIS AGUS LEABHARLAINNE

Tá an Roinn Oideachais ag glacadh le hiarratais ar chomhaltas chuig ceathair Bhord Oideachais agus Leabharlainne:

Bord Oideachais agus Leabharlainne Bhéal Feirste;

Bord Oideachais agus Leabharlainne an Oirthuaiscirt;

Bord Oideachais agus Leabharlainne an Deiscirt; agus

Bord Oideachais agus Leabharlainne an Iarthair

Is éard atá i gcomhaltas gach boird ná Comhairleoirí Ceantair agus ionadaithe de leasanna Aistreoirí scoileanna rialaithe agus Iontaobhaithe scoileanna faoi chothabháil. Líontar na poist seo trí ainmniúcháin ó na Comhairlí agus ó na heagraíochtaí Aistreoirí agus Iontaobhaithe.  I gcás na bpost eile, ceaptar daoine de bharr go bhfuil leas acu sna seirbhísí a mbíonn an bord freagrach astu agus is i leith na catagóire deireanaí de ‘leas coitinn’ atá iarratais á n-iarraidh, lena n-áirítear ó mhúinteoirí reatha i scoileanna deontaschúnta. Is é líon iomlán na bpost thar na boird ná 21.

Táthar ag súil leis gur ceapachán gearrthéarmach é seo, áfach,mairfidh téarma an cheapacháin ar feadh na hidirthréimhse go dtí go mbunófar an tÚdarás nua um Oideachas agus Scileanna.

Tiomantas Ama agus Luach Saothair

Táthar ag súil leis go dtabharfaidh comhaltaí boird tiomantas ama de 25 go 30 uair ar a laghad in aghaidh na míosa, lena n-áirítear cruinnithe tráthnóna agus ócáidí poiblí. Faigheann comhaltaí íocaíochtaí trí liúntais freastail nó trí liúntais do chaillteanas airgeadais i ndáil lena bhfeidhmeanna mar chomhaltaí boird.

Iarrtar ar iarratasóirí foirm ghearr iarratais a chomhlánú le cur síos a dhéanamh ar na fáthanna go gcomhlíonann siad bunriachtanais áirithe le haghaidh ceapacháin; déanfaidh an Roinn scagadh cáilitheachta ar na foirmeacha iarratais; agus beidh ‘comhrá le cuspóir’ ag an Roinn le hiarrthóirí incháilithe le hoiriúnacht na n-iarrthóirí don phost a dheimhniú agus a dhearbhú.  Is é an tAire Oideachais a dhéanfas an cinneadh i dtaca leis na daoine sin a cheapfar.  

Is féidir an fhoirm iarratais a íoslódáil ón láithreán gréasáin seo nó is féidir cóipeanna a iarraidh ón Fhoireann um Rialachas Oideachasúil, An Roinn Oideachais, guthán 028 9127 9461 nó r-phost egppt@deni.gov.uk.

Dáta deiridh:

Ba chóir iarratais bheith faighte ag an seoladh ar an fhoirm iarratais faoi 31 Nollaig 2009.

Comhionannas Deiseanna

Tá an Roinn tiomanta do chomhionannas deiseanna agus cuirtear fáilte roimh iarratais ó gach duine atá cáilithe go cuí, beag beann ar chreideamh, ar thuairim pholaitíochta, ar chine, ar aois, ar stádas pósta, ar chlaonadh gnéasach, ar inscne, ar mhíchumas, nó ar cé acu atá cleithiúnaithe acu nó nach bhfuil.  

Transitional Governance Arrangements Application Form PDF 36.2KB

Probity and Conflicts of Interest Guidance for Candidates PDF 42.6KB

Principles applied to Executive non-departmental Public Body Appointments PDF 7.73KB

OCPANI Complaints and Conflict of Interest: Information Guidance PDF 18.3KB

Equal Opportunities Monitoring Form PDF 79KB

Related links

Downloads