EOLAS DO PHRÍOMHOIDÍ SCOILE AR FHLIÚ NA MUC A (H1N1) - LÚNASA 2009
Sa bhileog eolais seo, tugtar eolas ginearálta ar fhliú na muc agus pléitear roinnt ceisteanna a d’fhéadfaí teacht aníos i scoileanna.
Sa bhileog eolais nuashonraithe seo, aithnítear an t-athrú sa pholasaí ó chur chuige 'rialaithe' go cur chuige bunaithe ar chóir leighis mar gheall ar scaipeadh an víris sa phobal.
Pléitear go háirithe na rudaí ba chóir a dhéanamh má thagann siomptóim fliú ar pháiste agus é nó í ar scoil.
Cad é an rud é fliú na muc?
- Tinneas riospráide is ea fliú na muc ar cineál nua de víreas an fhliú é agus a d’ainmnigh an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte paindéim (H1N1) 2009.
Cad iad siomptóim fhliú na muc?
- Tá siomptóim fhliú na muc cosúil le siomptóim an ghnáth-fhliú séasúrach agus áirítear orthu:
- fiabhras;
- tuirse;
- casachtach;
- tinneas scornaí;
- tinneas cinn;
- slaghdán cinn;
- pianta sna géaga nó sna hailt.
- Dúirt roinnt daoine a raibh fliú na muc orthu go raibh siomptóim eile orthu, mar a bhí urlacan agus buinneach.
Cad í an chóir leighis a chuirtear ar dhaoine in aghaidh Fhliú na Muc?
Má tá an tinneas éadrom agus muna bhfuil bunriochtaí baoil ann is minic is féidir é a bhainistiú mar a bhainistítear an gnáth-fhliú trí fhanacht sa leaba agus trí chógais thar an chuntar a ghlacadh. Ach i gcás na ndaoine sin a bhfuil bunriochtaí sláinte acu agus a bhfuil galair níos troime orthu, ba chóir do na daoine sin fanacht sa bhaile agus scairt gutháin a chur ar a ndochtúir féin nó ar sheirbhís thaobh amuigh d’uaireanta oibre an dochtúra le comhairle a fháil.
Tá sé tábhachtach nach dtéann na daoine sin chuig lialann a ndochtúra nó chuig Aonad Timpistí agus Éigeandála, ach go bhfanann siad sa bhaile sa dóigh gur féidir le dochtúir cuairt a thabhairt orthu sa bhaile más gá.
Ceisteanna a d’fhéadfaí teacht aníos i scoileanna.
Q1: An mbaineann fliú na muc le páistí agus le daoine óga go háirithe?
A1: Baineann fliú na muc le páistí agus le daoine óga go háirithe. Is cosúil gur iompróirí an-éifeachtúla víreas fhliú na muc iad páistí agus soláthraíonn scoileanna timpeallacht fhoirfe do scaipeadh an víris. Tá fianaise ann fosta go bhfuil níos lú imdhíonachta nadúrtha i bpáistí agus i ndaoine óga in aghaidh an víris.
Q2: An mbeidh vacsaín in aghaidh fhliú na muc ann?
A2: Tá obair faoi lán seoil le vacsaín in aghaidh fhliú na muc a fhorbairt. Ní féidir a shonrú áfach, cén uair a bheas an vacsaín ar fáil de thairbhe na dtástálacha forleathana a chaithfear a dhéanamh le héifeachtacht agus sábháilteacht na vacsaíne a chinntiú. Táthar ag dréim leis go mbeidh an vacsaín ar fáil i mí Dheireadh Fómhair. Is iad na céad ghrúpaí a dtabharfar an vacsaín dóibh ná daoine de gach aois a bhfuil bunriochtaí baoil acu, lena n-áirítear páistí. Níl aon phlean sonrach ann faoi láthair an vacsaín a thabhairt do gach aon pháiste, ach tá an cheist seo á breathnú go fóill agus coinneoimid ar an eolas sibh faoi aon fhorbairtí eile.
Q3: Cad é ba chóir a dhéanamh má thagann siomptóim fliú ar pháiste agus é nó í ar scoil?
A3: Má thagann siomptóim fliú ar pháiste agus é nó í ar scoil, ba chóir socruithe a dhéanamh le go dtabharfar abhaile iad a luaithe is féidir. Agus iad ag fanacht, ba chóir iad a chur in áit oiriúnach, mar shampla seomra míochaine nó oifig bheag (le scaipeadh an ionfhabhtaithe chuig páistí eile a mhaolú), inar féidir iad a choinneáil faoi bhreathnú.
Ba chóir a iarraidh ar thuismitheoirí an páiste a thabhairt abhaile láithreach agus scairt gutháin a chur ar a ndochtúir más gá nó ar sheirbhís thaobh amuigh d’uaireanta oibre an dochtúra.
Q4: Ar chóir an scoil a dhruidim má tá fliú na muc ar pháistí agus ar dhaoine óga?
A4: Níor chóir. Ní mholtar an scoil a dhruidim ag an am seo mar go bhfuil an víreas ag éirí níos forleithne sa phobal. Is dócha go mbeidh daoine nochta don víreas ina saol laethúil arís agus arís eile – sa dóigh nach mbeadh sé éifeachtúil an scoil a dhruidim le scaipeadh an víris a mhaolú cionn is go mbíonn daoine fós nochta dó taobh amuigh den scoil.
Má bhíonn imthosca speisialta ann, mar shampla má tá scoil ann do pháistí atá so-ghabhálach i leith ionfhabhtaithe nó muna bhfuil go leor ball foirne sa scoil, d’fhéadfaí cinneadh a ghlacadh an scoil a dhruidim. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara áfach, gur tinneas measartha éadrom é fliú na muc go dtí seo. Ba chóir do scoileanna leanúint ar aghaidh mar is gnáth, a oiread agus is féidir.
Q5: Ar chóir páistí a bhí i dteagmháil le cás deimhnithe de fhliú na muc a choinneáil ón scoil?
A5: Níor chóir. A fhad is go bhfuil siad folláin agus nach bhfuil siomptóim fliú acu, níl fáth ar bith ann go gcoinneofaí na páistí seo ón scoil agus is féidir leo dul ar aghaidh lena saol laethúil. Ba chóir dóibh bheith airdeallach ar shiomptóim fliú áfach, agus má bhíonn siomptóm ar bith acu, ba chóir dóibh fanacht sa bhaile agus scairt gutháin a chur ar a ndochtúir más gá nó ar sheirbhís thaobh amuigh d’uaireanta oibre an dochtúra le comhairle a fháil.
Q6: Cad is féidir le scoileanna agus le tuismitheoirí a dhéanamh le scaipeadh an ionfhabhtaithe a mhaolú?
A6: Trí chleachtais mhaithe sláinteachais a úsáid, is féidir linn ar fad páirt a ghlacadh le cuidiú le scaipeadh gach víris a mhaolú, fliú na muc san áireamh:
- Nigh do lámha go minic le gallúnach agus uisce le scaipeadh an víris ó do lámha chuig d’aghaidh nó chuig daoine eile a mhaolú;
- Nigh dromchlaí crua (e.g. murláin doirse) go minic ag úsáid gnáth-earra glantacháin;
- Clúdaigh do shrón agus do bhéal nuair a dhéanann tú casacht nó sraoth, ag úsáid ciarsúir pháipéir más féidir;
- Cuir ciarsúir pháipéir díot go pras agus go cúramach;
- Déan cinnte de go leanann páistí an chomhairle seo.
Q7: Ar chóir dífhabhtáin lámh a chur ar fáil i scoileanna?
A7: Is é an rud is tábhachtaí ná go mbíonn áiseanna cuí ní agus triomaithe lámh sna leithris i gcónaí, lena n-áirítear uisce te agus fuar, leacht gallúnaí agus tuáillí páipéir nó triomadóirí aeir the. Níl sé éigeantach go gcuirtear dífhabhtáin lámh ar fáil. Ach má roghnaíonn scoil sin a dhéanamh, tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach nglacfaidh sé ionad áiseanna maithe ní lámh.
Q8: An bhfuil sé sábháilte do mhúinteoirí atá ag iompar clainne fanacht sa scoil le daltaí a theagasc, más rud é go ndeimhnítear go raibh Fliú na Muc ag dalta(í) nó ag ball eile d’fhoireann na scoile, nó más rud é go raibh siad i ndlúth-theagmháil le cás a deimhníodh?
A8: Tá sé tábhachtach nach mbreathnaítear mná atá ag iompar clainne mar ghrúpa ar leith. Beidh cuid mhór de na ceisteanna céanna ábhartha dóibh agus a bhíonn ag daoine sna grúpaí eile ‘i mbaol’. Mar sin de, baineann an chomhairle do dhaoine sna grúpaí eile ‘i mbaol’ le mná atá ag iompar clainne fosta.
Is é an rud is tábhachtaí maidir leis an bhaol a bhainistiú don ghrúpa seo ná a chinntiú go mbíonn daoine sna grúpaí ‘i mbaol’, lena n-áirítear mná atá ag iompar clainne, eolach ar chomharthaí agus ar shiomptóim an fhliú ionas gur féidir leo comhairle nó measúnú sláinte a fháil go luath agus ionas gur féidir leo cóir leighis a fháil má bhíonn sí de dhíth.
A luaithe is a bheas fliú na muc uileláithreach sa phobal, beidh mná atá ag iompar clainne chomh nochta céanna don fhliú sa phobal agus a bheas siad san áit oibre. Tá sé le ciall go seachnaíonn mná atá ag iompar clainne dlúth-theagmháil le daoine a bhfuil siomptóim den fhliú acu. I gcomhthéacs múinteoirí atá ag iompar clainne, ba chóir go ndíreofar béim ar pháistí a bhfuil siomptóim acu a aithint, a chur ar leithlis agus a chur abhaile. Ba chóir cleachtais mhaithe sláinteachais phearsanta a úsáid nuair is féidir.
Is é an rud is tábhachtaí maidir le measúnú riosca san áit oibre ná cé acu a bhfuil riosca breise ann i gcomparáid leis an riosca atá ann don phobal i gcoitinne sa cheantar sin. Go hachomair, níl riosca breise ann do mhná atá ag iompar clainne agus do dhaoine eile sna grúpaí ‘i mbaol’ mar gheall ar an teagasc i gcomparáid leis na rioscaí a bhíonn ann ina saol laethúil sa phobal.
Q9: An bhfuil sé sábháilte do mhúinteoirí teacht ar ais chuig an scoil i ndiaidh tinnis, más rud é go ndeimhnítear go raibh Fliú na Muc ag dalta(í) nó ag ball eile d’fhoireann na scoile?
A9: Baineann an freagra thuas, mar atá sonraithe, le gach duine atá sna grúpaí ‘i mbaol’ agus mar sin de, baineann sé le duine ar bith atá ag dul ar ais chuig an scoil i ndiaidh tinnis.
Q10: Cá háit is féidir níos mó eolais a fháil?
A10: Is féidir scairt gutháin a chur ar Líne Chabhrach Fhliú na Muc don Phobal idir 9am agus 5pm ó Luan go hAoine ar 0800 0514 142.
Is féidir níos mó eolais ghinearálta a fháil ó roinnt láithreán gréasáin, lena n-áirítear:
Public Health Agency - www.publichealth.hscni.net
Health Protection Agency - www.hpa.org.uk
An Roinn Sláinte, Seirbhísí Sóisialta agus Sábháilteachta Poiblí - www.dhsspsni.gov.uk
An Roinn Oideachais - www.deni.gov.uk
An Eagraíocht Dhomhanda Sláinte - www.who.int
Teachernet - www.teachernet.gov.uk
Láithreán gréasáin oifigiúil an rialtais do shaoránaigh - www.nidirect.gov.uk
|