Skip the NI Direct Bar


Dáta: 21 Lúnasa 2009

A Phríomhoide, a chara,

Fliú na Muc agus Scoileanna – An tEolas is Deireanaí

Ón uair a bhris Fliú na Muc amach ar fud an domhain níos luaithe i mbliana, tá an Public Health Agency ag comhoibriú go dlúth  leis an Roinn Oideachais, chomh maith lena comhpháirtithe oideachais, le comhairle agus treoir a sholáthar don earnáil oideachais ar fad.

Agus an scoilbhliain nua ag drudim linn, táimid ag scríobh chugat leis an eolas is deireanaí ar fhliú na muc a thabhairt duit. Mar is eol duit, tá méadú ag teacht ar líon na ndaoine a bhfuil cásanna de fhliú na muc (H1N1) paindéimeach orthu i gcuid mhór tíortha, an tír seo san áireamh.

Tá sé soiléir anois go bhfuil an víreas á aistriú sa phobal. Mar gheall air seo, d’athraigh an bhéim ó ‘rialú’ ar scaipeadh an ionfhabhtaithe go ‘cóir leighis’. Tá sé tábhachtach a chur in iúl arís gur tinneas measartha éadrom é an víreas fliú (H1N1) d’fhormhór an phobail go fóill, páistí scoile san áireamh. Cé nach bhfuil eolas deifnídeach againn ar na fachtóirí baoil do thinneas níos troime, tá fianaise ann go meastar go bhfuil fachtóirí breise baoil ag na daoine sin a bhfuil tinneas orthu cheana féin, mar shampla galar cardashoithíoch, galar riospráide, plúchadh, diaibéiteas agus ailse san áireamh, ó thaobh fhliú na muc níos troime de.

Má éiríonn páistí tinn, tá sé tábhachtach go bhfánfaidh siad sa bhaile. Má tá an tinneas éadrom agus muna bhfuil bunriochtaí baoil ann is minic is féidir deileáil leis mar a dheileáltar leis an ghnáth-fhliú trí fhanacht sa leaba agus trí chógais thar an chuntar a ghlacadh. Ach i gcás na ndaoine sin a bhfuil bunriochtaí sláinte acu agus a bhfuil galair níos troime orthu, ba chóir do na daoine sin fanacht sa bhaile agus scairt gutháin a chur ar a ndochtúir féin nó ar sheirbhís thaobh amuigh d’uaireanta oibre an dochtúra le comhairle a fháil. Má éiríonn páiste tinn ar scoil, ba chóir socruithe a dhéanamh le é nó í a chur abhaile a luaithe is féidir. Dé réir mar a tharlaíonn i ngach cás, iarrtar ar an scoil a chinntiú go mbeidh duine éigin ar fáil sa bhaile le haire a thabhairt don pháiste. Mar sin de, tá sé tábhachtach go gcoinnítear sonraí teagmhála éigeandála do thuismitheoirí, do chaomhnóirí agus do chúramóirí suas chun dáta.

Agus muid anois ag céim na “córa leighis”, ní mholtar, i bhformhór cásanna, go ndruidfear an scoil. Is é an fáth leis seo ná go bhfuil an víreas ag éirí níos forleithne sa phobal. Is dócha go mbeidh daoine nochta don víreas ina saol laethúil arís agus arís eile, sa dóigh nach mbeadh sé éifeachtúil an scoil a dhruidim le scaipeadh an víris a mhaolú.   Má bhíonn imthosca speisialta ann, mar shampla má tá scoil ann do pháistí atá so-ghabhálach i leith ionfhabhtaithe nó muna bhfuil go leor ball foirne sa scoil, d’fhéadfaí cinneadh a ghlacadh an scoil a dhruidim. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara áfach, gur tinneas measartha éadrom é fliú na muc go dtí seo agus ba chóir do scoileanna leanúint ar aghaidh mar is gnáth, a oiread agus is féidir.

Tá sé riachtanach fosta béim a leagan ar an tábhacht a bhaineann le sláinteachas maith. Áirítear air seo lámha a ní le gallúnach agus uisce ar bhonn rialta, rud a chuideoidh le scaipeadh an víris a mhaolú, dromchlaí crua a ní go rialta, ciarsúr páipéir a úsáid nuair nuair a dhéanann tú casacht nó sraoth, ciarsúir pháipéir a chur díot mar is cuí agus ag cinntiú a oiread agus is féidir, go nglactar le sláinteachas maith ar fud na scoile. Tá a fhios againn gur ‘ciall choiteann’ í seo ach is prionsabal tábhachtach í dúinn ar fad atá ag obair ar an cheist seo ar chóir a chur in iúl arís agus arís eile.

Coinneoimid ar an eolas tú faoi fhorbairtí eile. Idir an dá linn is féidir teacht ar eolas úsáideach breise ag na pointí seo a leanas:

Public Health Agency – www.publichealth.hscni.net

Health Protection Agency – www.hpa.org.uk

An Roinn Sláinte, Seirbhísí Sóisialta agus Sábháilteachta Poiblí – www.dhsspsni.gov.uk

An Roinn Oideachais  - www.deni.gov.uk

Láithreán gréasáin oifigiúil an rialtais do shaoránaigh – www.nidirect.gov.uk

agus Líne Chabhrach Fhliú na Muc ar 0800 0514 142

Is mise le meas,

Will Haire

Rúnaí Buan

An Roinn Oideachais

Dr Richard Smithson

Comhairleach ar Rialú Galar Teagmhálach

Public Health Agency

Related links

Downloads