Skip the NI Direct Bar


FLIÚ NA MUC

COMHAIRLE DON EARNÁIL ÓIGE

Meán Fómhair 2009

INTREOIR

  • Cad é an rud é fliú na muc?

Tinneas riospráide is ea fliú na muc ar cineál nua de víreas an fliú é agus a d’ainmnigh an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte paindéim (H1N1) 2009.

  • Cad iad na siomptóim atá ag fliú na muc?

Tá siomptóim fliú na muc cosúil le siomptóim an ghnáth-fliú dhaonna shéasúraigh agus áiríonn siad:

  • fiabhras;
  • tuirse;
  • casachtach;
  • sceadamán nimhneach;
  • tinneas cinn;
  • srón ag sileadh;
  • pianta sna géaga nó sna hailt.
  • Dúirt daoine áirithe a raibh fliú na muc orthu go raibh urlacan agus buinneach orthu.

Cad í an chóir leighis a chuirtear ar dhaoine in aghaidh Fliú na Muc?

1.    Mura bhfuil an tinneas ródháiríre agus más rud é nach bhfuil aon bhunfhachtóirí riosca ann, is féidir é a bhainistiú go minic cosúil leis an  ghnáth-fliú trí fhanacht sa leaba agus trí chógais thar an chuntar a ghlacadh.  Mar sin féin, ba chóir dóibh siúd a bhfuil coinníollacha sláinte agus galair níos tromchúisí orthu fanacht sa bhaile agus scairt a chur ar a DG, ar sheirbhís DG taobh amuigh de ghnáthuaireanta oibre nó scairt a chur ar Líne Chabhrach Fliú Na muc: 0800 0514 142 (Luan – Aoine 9am – 5pm) le comhairle a fháil.

Molann an Ghníomhaireacht um Shláinte Phoiblí (PHA) go bhfuil sé tábhachtach nach dtéann siad chuig lialann a DG nó chuig aonad timpistí agus éigeandála, ach go bhfanann siad sa bhaile, áit a dtabharfaidh dochtúir cuairt orthu más gá.

COMHAIRLE DON EARNÁIL ÓIGE

2.    Rinne an Roinn Sláinte, Seirbhísí Sóisialta agus Sábháilteachta Poiblí (RSSSSP), in éineacht leis an PHA, monatóireacht ar fhorbairt an víris go háitiúil, chomh maith leis an dóigh ar athraigh cúrsaí sa Bhreatain Mhór agus i ndeisceart na hÉireann le linn mhíonna an tsamhraidh.

3.    Chuir an PHA comhairle ar an Roinn Oideachais gur chóir don mhórearnáil oideachais, lena n-áirítear an earnáil óige, feidhmiú mar is gnách, ach amháin má mholtar a mhalairt.

4.    Tig le gach duine a p(h)áirt a dhéanamh agus cuidiú le leathadh gach víris a laghdú, fliú na muc san áireamh, trí pháistí agus daoine óga a spreagadh le  dea-sláinteachas a chleachtadh trí na céimeanna seo a leanas a ghlacadh:

  • A lámha a ní go minic le gallúnach agus le huisce le leathadh an víris óna lámha go dtí a n-aghaidh nó chuig daoine eile a laghdú;
  • A srón agus a mbéal a chlúdach agus iad ag casachtach nó ag sraothartach, agus ciarsúr a úsáid nuair is féidir;
  • Ciarsúir a úsáideadh a chur de láimh go gasta agus go cúramach;
  • Agus trí dhromchlaí crua a ghlanadh (m.sh. murláin doirse) go minic ag úsáid gnáth-tháirge glantacháin;

5.    Ba chóir go mbeadh neart leacht gallúnaí, uisce te agus fuar agus tuaillí páipéir nó triomadóirí aeir the ar fáil do pháistí agus don fhoireann in ionaid óige. Ní gá dífhabhtáin lámh a sholáthar.  Mar sin féin, má chuirtear dífhabhtáin lámh ar fail, ba chóir a thabhairt faoi deara nach ionadaí iad d’áiseanna maithe níocháin lámh.   

6.    I gcás go dtagann siomptóim fliú ar pháiste, ar dhuine óg nó ar bhall foirne/oibrí deonach agus iad in ionad óige, molann an PHA gur chóir socruithe a dhéanamh le hiad a thabhairt abhaile a luaithe agus is féidir.  Agus iad ag fanacht le dul abhaile nó le bheith pioctha suas, ba chóir iad a chur in áit chuí, ar nós seomra míochaine nó oifig bheag (leis an bhaol a laghdú go leathfar an t-ionfhabhtú chuig daoine eile), ach áit inar féidir súil a choinneáil orthu.

7.    Ba chóir do thuismitheoirí a mac nó a n-iníon a thabhairt abhaile láithreach bonn agus más gá, ba chóir scairt a chur ar a DG nó ar an tseirbhís DG taobh amuigh de gnáthuaireanta oibre.  

8.    Má thagann siomptóim fliú ar pháiste, ar dhuine óg nó ar bhall foirne/oibrí deonach agus iad sa bhaile, ba chóir dóibh fanacht ar shiúl ón ionad óige go dtí go dtiocfaidh siad chucu féin agus más gá, comhairle mhíochaine a iarraidh mar a tugadh le fios ag pointe 7 thuas.

9.    Fiú amháin má dheimhnítear go bhfuil fliú na muc ar pháiste, ar dhuine óg nó ar bhall foirne/oibrí deonach, molann an PHA gur chóir don ionad fanacht oscailte de ghnáth.  Tá an víreas fliú ag éirí i bhfad níos coitianta i measc an phobail. Gach seans go bhfuil daoine faoi lé an víris ina ngnáthshaol – níl éifeacht níos mó le hionad áirithe a dhúnadh i dtaca le leathadh an víris a mhoilliú siocair go dtiocfadh le daoine a bheith faoi lé an víris taobh amuigh den ionad.

10.    I roinnt imthosca speisialta, mar shampla ionad ina bhfuil páistí nó daoine óga atá thar a bheith soloite ag ionfhabhtú nó de bharr nach bhfuil go leor ball foirne ann, b’fhéidir go ndéanfar cinneadh leis an ionad a dhúnadh.  Mar sin féin, tá sé tábhachtach a thabhairt le fios, gur tinneas measartha éadrom é fliú na muc, go dtí seo.  Ba chóir don earnáil óige pleanáil do ‘gnó mar is gnách’ a oiread agus is féidir agus beidh dúnadh ar bith eisceachtúil.

11.    Molann an PHA go bhfuil sé sábháilte d’oibrithe óga torracha agus d’oibrithe deonacha leanúint ar aghaidh ag obair in ionad óige, más rud é go dtugtar le fios go bhfuil fliú na muc ar dhuine/dhaoine óg(a) nó ar bhall foirne/oibrí deonach eile nó más rud é go raibh dlúth-theagmháil acu le cás deimhnithe.

Tá sé tábhachtach gan déileáil le mná torracha mar ghrúpa ar leith.   Is é an rud is tábhachtaí i dtaca leis an ghrúpa seo a bhainistiú ná a chinntiú go bhfuil mná torracha ar an eolas faoi na comharthaí agus na siomptóim atá ag fliú na muc ionas go dtig leo comhairle liachta nó measúnú a iarraidh go luath agus cóireáil a fháil, más gá.

A luaithe agus a bhí an víreas forleathan sa phobal, gach seans go bhfuil mná torracha faoi lé fliú sa phobal sa dóigh chéanna agus atá siad ina n-ionad oibre. Luíonn sé le ciall gur chóir do mhná torracha dlúth-theagmháil a sheachaint leo siúd a bhfuil siomptóim fliú orthu.  I dtaca le hoibrithe nó oibrithe deonacha atá ag iompar clainne, ba chóir an bhéim a chur ar a chinntiú go sainaithnítear páistí siomptómacha, go n-aonraítear iad agus go seoltar abhaile iad. Ba chóir dea-sláinteachas a chur i bhfeidhm nuair is féidir.

Is é an rud is tábhachtaí i dtaca le measúnú riosca san ionad oibre ná cé acu tá riosca breise ann i gcomparáid leis an riosca a bhfuil an pobal áitiúil ag déileáil leis. Mar achoimre, níl aon riosca breise ann do mhná torracha a oibríonn san earnáil óige i gcomparáid leis na rioscaí a dtugann siad aghaidh orthu ó lá go lá.

12.    Molann an PHA go bhfuil sé sábháilte d’oibrithe óige nó d’oibrithe deonacha filleadh ar obair i ndiaidh tinnis, fiú má tugadh le fios go raibh Fliú na muc ar dhuine/dhaoine óg(a) nó ar bhall foirne/oibrí deonach eile sa scoil nó ionad óige.

13.    Tá eolas breise ar fáil ón Líne Chabhrach Fliú Na muc 0800 0514 142 (Luan – Aoine 9am – 5pm)

14.    Is féidir eolas níos ginearálta a fháil ó láithreáin Ghréasáin éagsúla lena n-áirítear:

Related links

Downloads