Skip the NI Direct Bar


An tEolas is Deireanaí ar Fhliú na Muc do Scoileanna Speisialta

24 Deireadh Fómhair 2009

A Phríomhoide, a chara

Ón uair a bhris Fliú na Muc (H1N1) amach ar fud an domhain níos luaithe i mbliana, tá an Public Health Agency ag comhoibriú go dlúth leis an Roinn Oideachais, chomh maith le comhpháirtithe oideachais, le comhairle agus treoir a sholáthar don earnáil oideachais ar fad.

Mar is eol duit, tá méadú tagtha ar líon na gcásanna d’Fhliú na Muc i dtuaisceart na hÉireann, agus táthar ag tuar go dtiocfaidh méadú eile ar líon na gcásanna sna míonna atá romhainn. Mar gheall ar na básanna brónacha a tharla ar na mallaibh, tá aird anois dírithe ar shainriachtanais na bpáistí sin a bhfuil níos mó baoil ann go mbeidh aimhréidh acu mar gheall ar fhliú na muc.

Is fiú comhairle a thug an Public Health Agency níos luaithe a chur in iúl arís eile: sláinteachas maith a chur chun cinn ar fud na scoile; bí airdeallach i gcónaí ar chomharthaí tinnis atá cosúil leis an fhliú i measc daltaí nó i measc fhoireann na scoile; agus sa chás go bhfuil siomptóim cosúil le siomptóim an fhliú ag duine ar bith, déan cinnte de go ndéantar socruithe go nglactar abhaile iad agus, más gá, cuir scairt ar an Dochtúir nó ar an tseirbhís Lasmuigh de Ghnáthuaireanta le comhairle a fháil.

De réir comhairle náisiúnta, ba chóir cóireáil fhrith-víreasach ar nós Tamiflu a thairiscint, in imthosca áirithe i Scoileanna Speisialta (ach ní i scoileanna príomhshrutha) mar gheall ar an bhaol breise a d’fhéadfaí bheith ag Fliú na Muc ar dhaltaí áirithe, i gcás gur feasach go bhfuil Fliú na Muc sa scoil.

Beidh a fhios agat fosta gur thug an Public Health Agency, i gcomhar leis an Roinn Sláinte, Seirbhísí Sóisialta agus Sábháilteachta Poiblí, tosaíocht do pháistí a bhfuil baol ann go mbeidh aimhréidh acu mar gheall ar fhliú na muc leis an vacsaíniú a fháil láithreach. Ina dhiaidh sin, rollfar amach an clár vacsaínithe don phobal i gcoitinne. Ba chóir a thabhairt faoi deara, áfach, nach mbeidh an chosaint go hiomlán éifeachtach go dtí timpeall ar 1-2 seachtain i ndiaidh ionaclaithe. Mar sin de, tá sé tábhachtach go mbíonn tú airdeallach ar chomharthaí tinnis atá cosúil leis an fhliú i rith an ama seo. Ní thugann vacsaíniú cosaint iomlán agus d’fhéadfaí go bhfaighfidh na daltaí fliú na muc i ndiaidh an vacsaínithe, ach tá i bhfad níos lú seans ann go bhfaighidh siad é.

Má tá tú feasach ar chásanna d’Fhliú na Muc sa scoil, nó má tá imní ort faoi leibhéil arda neamhláithreachais mar gheall ar thinnis cosúil leis an fhliú, ba chóir comhairle a lorg ón Public Health Agency, Uimhir Ghutháin 028 9055 3993.  Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil an uimhir seo ann d’úsáid ghairmiúil amháin agus níl an uimhir seo ann sa bhreis ar an uimhir don Líne Chabhrach Phoiblí.

Tuigim gur am imníoch é seo d’fhoireann scoileanna agus do thuismitheoirí.  Ba mhaith liom a chur in iúl arís eile gur tinneas éadrom é Fliú na Muc do thromlach mór an phobail.  Ach má bhíonn imní ar bith ort, faigh comhairle ar an bhealach atá luaite thuas.

Coinneoimid ar an eolas tú ar fhorbairtí eile, go háirithe maidir le socruithe don chlár vacsaínithe.  Idir an dá linn, is féidir níos mó eolais úsáideach a fháil ar na láithreáin gréasáin seo a leanas:

Public Health Agency – www.publichealth.hscni.net

Health Protection Agency – www.hpa.org.uk

An Roinn Sláinte, Seirbhísí Sóisialta agus Sábháilteachta Poiblí – www.dhsspsni.gov.uk

An Roinn Oideachais - www.deni.gov.uk

agus is í an uimhir ghutháin do Líne Chabhrach Fhliú na Muc ná 0800 0514 142.

Is mise le measIs mise le meas

Will Haire

Permanent Secretary

Department of Education

Dr Richard Smithson

Consultant in Communicable Disease Control

Public Health Centre

Related links

Downloads