Skip the NI Direct Bar


Ag cur iarratais isteach ar áit Mhaoinithe in Oideachas Réamhscoile. 2012/2013

1.     Cé is féidir leis iarratas a chur isteach ar áit mhaoinithe réamhscoile?

Spreagtar gach tuismitheoir a bhfuil páistí acu a bheas ag dul isteach sa bhliain deireanach réamhscoile i Meán Fómhair 2012 le iarratas a chur isteach ar áit mhaoinithe in oideachas réamhscoile.

Ina dhiaidh sin, is cóir a nótáil gur céim neamhéigeantach den oideachas oideachas réamhscoile agus cé gurb é aidhm na Roinne áit mhaoinithe a chur ar fáil do gach páiste, ar mian lena thuismitheoirí é, sa bhliain deireanach réamhscoile, níl aon ráthaíocht ann go bhfaighidh do pháiste áit mhaoinithe.

Ar ais chuig an bharr

2.     Cá haois a ba chóir do phaistí a bheith le dul isteach in oideachas réamhscoile?

Tá an curaclam réamhscoile, a leanann gach suíomh maoinithe, réamhscoile, ceaptha do pháistí sa bhliain deireanach réamhscoile, is é sin páistí sa bhliain go díreach sula dté siad isteach i Rang 1 sa bhunscoil. I mbliana, ciallaíonn sin páistí a rugadh idir 2 Iúil 2008 agus 1 Iúil 2009, agus an dá dháta sin san áireamh, a bhaineann trí bliana amach ar 1 Iúil 2012 nó roimhe.

Ar ais chuig an bharr

3.     Cá háit a bhfuil áiteanna in oideachas réamhscoile ar fáil?

I réimse suímh oideachais réamhscoile, lena n-áirítear:

  • naíscoileanna;
  • ranganna/aonaid naíolainne i mbunscoileanna; agus
  • ionaid deonacha agus phríobháideacha oideachais réamhscoile ar cuid den Chlár um Leathnú Oideachais Réamhscoile iad (is féidir go dtairgfidh na hionaid seo áiteanna fosta a n-íocann tuismitheoirí astu.)

Tá na háiteanna seo ar fáil don scoilbhliain iomlán dar tús 1 Meán Fómhair 2012.

Ar ais chuig an bharr

4.     Cá háit a dtig liom faisnéis a chur faoi áiteanna maoinithe in oideachas réamhscoile i mo cheantarsa?

Tá eolas ar áiteanna maoinithe in oideachas réamhscoile ar fáil ó do bhord oideachais agus leabharlainne áitiúil. Is féidir teagmháil a dhéanamh leis na boird ach úsáid a bhaint as an eolas teagmhála ag deireadh na bileoige seo.

Ar ais chuig an bharr

5.     Cá huair agus cad é an dóigh ar chóir domh iarratas a chur isteach ar áit mhaoinithe do mo pháiste?

Is é roimh 12 meán lae Dé Céadaoine 11 Eanáir 2012 an dáta deiridh d'iarratais ar áiteanna i ngach ionad oideachais réamhscoile. Cloítear go daingean leis an spriocdháta seo. Má chuireann tú iarratas isteach i ndiaidh an spriocdháta seo is féidir go mbeidh tionchar aige ar an deis atá agat áit mhaoinithe in oideachas réamhscoile a fháil do do pháiste, nó meastar iarratais mhalla i ndiaidh gach iarratais phoncúil. Ligeann nós imeachta na n-iarratas duit liosta a dhéanamh, ar fhoirm amháin, in ord tosaíochta, gach ionad réamhscoile (naíscoileanna/aonaid naíolainne, ionaid deonacha/phríobháideacha oideachais réamhscoile) ar mhaith leat iarratas ar áit mhaoinithe in oideachas réamhscoile do do pháiste a chur isteach dóibh. Tá an fhoirm iarratais ar fáil ó aon ionad oideachais réamhscoile nó ó do bhord oideachais agus leabharlainne áitiúil. Déan liosta de na hionaid oideachais réamhscoile in ord tosaíochta agus cuir an fhoirm chuig an suíomh is rogha leat roimh an dáta deiridh.

Ar ais chuig an bharr

6.     An dtig liom níos mó ná iarratas amháin a chur isteach?

Ní thig. Níor chóir duit i gcás ar bith níos mó ná foirm iarratais amháin a chomhlánú. Má dhéanann tú amhlaidh, beidh dearbhú bréagach déanta agat agus, má bhronntar áit, is féidir go dtarraingeofar siar í ag aon cheann nó ag gach ceann de na soláthraithe atá i gceist.

Ar ais chuig an bharr

7.     Cad chuige ar chóir domh liosta de níos mó ná soláthraí amháin a chur ar m'fhoirm iarratais?

Mura gcuire tú ach soláthraí amháin ar an liosta, is féidir nach n-éireoidh le d'iarratas má bhíonn siad ró-shuibscríofa le hiarratais. Ceadaítear duit liosta a dhéanamh de shé rogha ar a laghad ar an fhoirm iarratais, agus is féidir leat liosta a dhéanamh de roghanna breise ar leathanach ar leith más mian leat. Moltar go láidir duit liosta a dhéanamh, in ord tosaíochta, de gach ionad ar mian leat go ndéanfar do pháiste a mheas i gcomhair iontrála chuige, nó uasmhéadóidh seo an seans atá agat áit mhaoinithe réamhscoile a fháil. Is cóir a nótáil go gcaithfidh 8 páistí ar a laghad atá sa bhliain deireanach réamhscoile a bheith cláraithe san ionad má tá ionaid deonacha/phríobháideacha oideachais réamhscoile le áiteanna mhaoinithe réamhscoile a fháil. Muna dtige le hionad an riachtanas seo a chomhlíonadh, tarraingeofar siar as an Chlár iad muna bhfuil dálaí eisceachtúla ann. Tá leabhrán ina bhfuil liosta den soláthar réamhscoile uilig i do cheantar ar fáil ó do bhord oideachais agus leabharlainne áitiúil nó ar láithreán gréasáin gach bord oideachais agus leabharlainne.

Ar ais chuig an bharr

8.     An féidir liom roghanna i leith ionaid oideachais réamhscoile i gceantair éagsúla Boird a chur in iúl ar an fhoirm chéanna?

Is féidir. Feidhmíonn gach Bord an córas céanna.

Ar ais chuig an bharr

9.     Cad iad na doiciméid a bheas de dhíth orm?

D'eisigh an Roinn Oideachais treoir do scoileanna agus d'ionaid oideachais réamhscoile faoina "ndualgas" eolas tábhachtach in iarratais i gcomhair iontrála a "fhíorú." Dá bharr seo, iarrfaidh ionaid oideachais réamhscoile ort doiciméid a chur ar fáil ag fíorú aois an pháiste (teastas breithe) agus is féidir go n-iarrfaidh siad doiciméid a fhíoraíonn sonraí seolta. Ba chóir duit a chinntiú go gcuirfear iad seo ar fáil nuair a iarrtar iad, nó mura ndéana tú sin, is féidir go dteagmhófar do d'iarratas.

Ar ais chuig an bharr

10.    Tá ainm mo pháiste ar liosta cheana féin i gcomhair iontrála go hoideachas réamhscoile. An bhfuil feidhm orm foirm iarratais ar áit mhaoinithe a chomhlanú?

Tá. Caithfidh gach tuismitheoir atá ag iarraidh áiteanna maoinithe dá bpáistí ó Mheán Fómhair 2012 ar aghaidh foirm iarratais a chomhlánú.

Ar ais chuig an bharr

11.    Cad é mar a shocraíonn ionaid oideachais réamhscoile cé a fhaigheann ait mhaoinithe?

Má tá go leor áiteanna maoinithe ag ionad, gheobhaidh gach páiste cáilithe, ar chuir a thuismitheoirí iarratas isteach, áit acu.

Má bhíonn níos mó iarratas ná áiteanna maoinithe ag ionaid, caithfidh siad ansin critéir fhoilsithe iontrála a chur i bhfeidhm. Mar a éilíonn an reachtaíocht orthu, caithfidh siad sa chéad dul síos tús áite a thabhairt do:

  • pháistí atá faoi mhíbhuntáiste sóisialta (a bhfaigheann a dtuismitheoirí Liúntas Tacaíochta Ioncaim nó Liúntas do Lucht Cuardaigh Fostaíochta ioncambhunaithe; agus
  • pháistí a bhfuil an 4ú breithlá acu ó 2 Iúil 2012 go 31 Lúnasa 2012, agus an dá dháta san áireamh.

Caithfidh tuismitheoirí a fhaigheann na sochair shainithe a bhfoirm iarratais a fháil stampáilte ina nOifig Leasa Shóisialta áitiúil más mian leo tosaíocht a éileamh sa phróiseas iontrála ar an bhonn seo. Caithfear seo a dhéanamh roimh an datá deiridh, is é sin roimh 12.00 meán lae Dé Céadaoine 11 Eanáir 2012.

Ar ais chuig an bharr

12.    Cad chuige a dtugtar tosaíocht do pháistí faoi mhíbhuntáiste sóisialta agus dóibh siúd a bhfuil a mbreithlá i mí Iúil nó i mí Lúnasa.?

Léirigh taighde go bhfuil claonadh ann go mbíonn níos mó deacrachta ar scoil ag páistí ó chúlra míbhuntáiste shóisialta ná mar a bhíonn ag páistí eile. Tugtar tosaíocht do pháistí a bhfuil a mbreithlá i mí Iúil nó i mí Lúnasa, nó seachas sin, is féidir nach bhfaigheadh siad oideachas ar bith go raibh siad thar 5 bliana d'aois.

Ar ais chuig an bharr

13.    Cad iad na critéir eile a mbaineann ionaid oideachais réamhscoile úsáid astu?

Caithfidh Bord Gobharnóirí naíscoileanna agus aonaid naíolainne agus Coiste Bainistíochta ionaid oideachais réamhscoile critéir a ullmhú sa bhreis orthu siúd atá sonraithe ag an Roinn. Caithfidh na critéir seo cur ar a gcumas rogha a dhéanamh go dtí an áit deireanach atá ar fáil, agus is féidir leo tosca mar dheartháir nó deirfiúr freastal ar an ionad roimhe seo, ghaireacht don scoil nó an t-ionad a chur síos mar chéad rogha, a chuimsiú. Ba chóir a nótáil nach measfaidh na hionaid sin a bhaineann úsáid as an chéad rogha mar chritéar, má tá siad suibscríofa ag an chéim seo, nach measfaidh siad iarratais tosaíochta ina dhiaidh sin. Beidh ionaid aonair ábalta eolas a chur ar fáil faoi líon na n-iarratas a fuarthas i mblianta roimhe sin.

Moltar go láidir go measfaidh tú critéir iontrála gach ionaid go mion lena chinntiú go n-uasmhéadaíonn tú do sheans áit mhaoinithe réamhscoile a fháil do do pháiste.

Ar ais chuig an bharr

14.    Cad é an soláthar atá déanta do pháistí a bhfuil sainriachtanais oideachais acu?

Aon uair amháin atá an riachtanas tosaíocht a thabhairt do pháistí faoi mhíbhuntáiste sóisialta agus dóibh siúd a bhfuil a mbreithlá i mí Iúil/Lúnasa comhlíonta, caithfidh soláthraithe a gcritéir féin a leagan síos agus féadfaidh naíscoileanna agus ranganna tosaíocht a thabhairt do pháistí a bhfuil sainriachtanais oideachais acu, más mian leo. Lena chois sin, is féidir le boird oideachais agus leabharlainne, nuair is cuí, páistí a bhfuil Ráiteas Sainriachtanas Oideachais acu a shuí in oideachas réamhscoile a riarann dá riachtanais ar leith.

Ar ais chuig an bharr

15.    Cad é mar is féidir liom a bheith cinnte gur oideachas ardchaighdeáin an t-oideachas atá á thairiscint?

  • Leanann gach ionad oideachais réamhscoile an curaclam oideachais réamhscoile céanna;
  • Déanann an Chigireacht Oideachais agus Oiliúna cigireacht ar gach ionad oideachais réamhscoile de réir na gcaighdeán céanna;
  • Baineann gach ionad oideachais réamhscoile caighdeáin ar leith amach i dtaca le cáilíochtaí foirne agus leibhéil foirne de;
  • Bíonn tacaíocht saineolach ag gach ionad oideachais reamhscoile ó mhúinteoir cáilithe nó ó speisialtóir luathbhlianta; agus
  • Cuireann  gach ionad oideachais réamhscoile cinneadh cigireachta ar fáil do thuismitheoirí.

Ar ais chuig an bharr

16.    Cá huair a bheas mo pháiste in ann freastal?

Beidh bunús na n-áiteanna ar fáil:

  • ar a laghad dhá uair go leith sa lá;
  • 5 lá sa tseachtain;
  • 38 seachtainí ar a laghad sa tréimhse idir Meán Fómhair agus Meitheamh.

Is féidir go dtairgfidh roinnt naíscoileanna agus roinnt ranganna áiteanna lánaimseartha (thart faoi 4 huaire, agus lón ar fáil). Má bhíonn áiteanna páirtaimseartha agus lánaimseartha araon ar fáil, is féidir le tuismitheoirí rogha a chur in iúl agus iad ag cur isteach iarratais ach ní thig aon ráthaíocht a thabhairt go gcomhlíonfar an rogha seo. Is cóir a nótáil gur léirigh taighde, ó thaobh an oideachais de, go bhfuil freastal ar áit pháirtaimseartha chomh tairbheach ag páiste le freastal ar áit lánaimseartha.

Ar ais chuig an bharr

17.    Cad chuige a bhfuil 2 Chéim sa Phróiseas Iontrála Réamhscoile?

Tá sé ar intinn go gcinnteoidh an próiseas Iontrála 2 Chéime go bhfaighidh a oiread páistí agus is féidir, atá sa bhliain deireanach réamhscoile, áit mhaoinithe in oideachas réamhscoile. Ag deireadh Chéime 1 den phróiseas, cuirfear in iúl do na tuismitheoirí sin, nár éirigh lena n-iarratas, cá bhfuil áiteanna ar fáil ar fad agus beidh deis acu tuilleadh roghanna a ainmniu i gcomhair measta le linn Céime 2. Moltar go láidir do na tuismitheoirí seo an deis seo a thapú le tuilleadh roghanna a chur in iúl.

Ar ais chuig an bharr

18.    Cá huair a bheidh a fhios agam an bhfuil áit ag mo pháiste?

Cuirfear litreacha amach ag deireadh Céime 1, Dé hAoine 30ú Márta 2012 agus ag deireadh Céime 2, Dé hAoine 1ú Meitheamh 2012.

Ar ais chuig an bharr

19.    Ar chóir domh socrú a dhéanamh le mo pháiste a aistriú ó áit mhaoinithe in oideachas réamhscoile go rang réamhbhliana i mbunscoil i ndiaidh a 4ú breithlae?

Ní bheadh seo le leas is fearr do pháiste. Cuireann aistriú páiste go rang réamhbhliana le linn na bliana isteach ar a f(h)orbairt oideachasúil agus sóisialta agus ba chóir é a sheachaint. Lena chois sin, is é an chomhairle ó Chigireacht Oideachais agus Oiliúna (COO) na Roinne, cé go bhfuil cuid den soláthar réamhbhliana de chaighdeán maith, go bhfuil cáilíocht an tsoláthair thar an earnáil éagothrom.

Ar ais chuig an bharr

20.    Cad é is féidir liom a dhéanamh mura bhfaighe mo pháiste áit mhaoinithe?

Beidh áiteanna neamh-mhaoinithe, a n-íocann tuismitheoirí ar a son, ar fáil ar fad i mbunús na n-ionad deonach/príobháideach oideachais réamhscoile. Le tuilleadh eolais a fháil, ba chóir do thuismitheoirí teagmháil a dhéanamh leis na hionaid seo.

Teagmhálacha

Le tuilleadh eolais a fháil ar cá háit a bhfuil áiteanna mhaoinithe in oideachas réamhscoile i do cheantarsa agus le cóipeanna d'fhoirmeacha iarratais a fháil, déan teagmháil le do bhord oideachais agus leabharlainne áitiúil ag an seoladh nó ag an uimhir ghutháin thíos nó ar an láithreán gréasáin.

Bord Oideachais agus Leabharlainne Bhéal Feirste

Teagmháil:          Patricia Hughes

                          Bord Oideachais agus Leabharlainne Bhéal Feirste

                          40 Sráid an Acadaimh

                          BÉAL FEIRSTE

                          BT1 2NQ

Teileafón:            028 9056 4080

Láithreán Gréasáin:     www.belb.org.uk

Bord Oideachais agus Leabharlainne an Iarthair

Teagmháil:          An Brainse Aistrithe agus Cláraithe Oscailte

                          Bord Oideachais agus Leabharlainne an Iarthair

                          1 Bóthar an Ospidéil

                          AN ÓMAIGH

                          Co Thír Eoghain

                          BT79 0AW

Teileafón:            028 8241 1458/1459

Láithreán Gréasáin:     www.welbni.org

Bord Oideachais agus Leabharlainne an Oirthuaiscirt

Teagmháil:          An Brainse Aistrithe agus Cláraithe Oscailte

                          Bord Oideachais agus Leabharlainne an Oirthuaiscirt

                          Halla an Chontae

                          182 Bóthar Galgorm

                          AN BAILE MEÁNACH

                          Co Aontroma

                          BT42 1HN

Teileafón:            028 2566 2197/2584

Láithreán Gréasáin:     www.neelb.org.uk

Bord Oideachais agus Leabharlainne an Oirdheiscirt

Teagmháil:          Líne Chabhrach an Oideachais Réamhscoile

                          Bord Oideachais agus Leabharlainne an Oirdheiscirt

                          Bóthar Grahamsbridge

                          Dún Dónaill

                          BÉAL FEIRSTE

                          BT16 2HS

Teileafón:            028 9056 6981

Láithreán Gréasáin:     www.seelb.org.uk

Bord Oideachais agus Leabharlainne an Deiscirt

Teagmháil:          Líne Chabhrach an Oideachais Réamhscoile

                          Bord Oideachais agus Leabharlainne an Deiscirt

                          3 Plás Charlemont

                          ARD MHACA

                          BT61 9AX

Teileafón:            028 3751 2455/2526

Láithreán Gréasáin:     www.selb.org

Ar ais chuig an bharr

Related links

Downloads