Ag cur iarratais isteach ar áit Mhaoinithe in Oideachas Réamhscoile 2013/14
AG CUR IARRATAIS ISTEACH AR ÁIT MHAOINITHE RÉAMHSCOLAÍOCHTA
2013/14
Ba chóir glacadh leis gurb ionann tagairtí do Bhoird Oideachais agus Leabharlann agus tagairtí don Údarás Oideachais agus Scileanna (ÚOS) ar theacht i bhfeidhm dó.
1. Cé atá i dteideal iarratas a chur isteach ar áit mhaoinithe réamhscolaíochta?
Tá an clár réamhscolaíochta dírithe ar pháistí a rugadh ar 2 Iúil 2009 nó idir an dáta sin agus 1 Iúil 2010 agus a bhainfidh an tríú breithlá amach ar nó roimh 1 Iúil 2013. Is céim neamhéigeantach oideachais í an réamhscolaíocht. Cé gur tiomantas é sa Chlár Rialtais a chinntiú go mbíonn ar a laghad bliain amháin réamhscolaíochta ar fáil do gach teaghlach ar mian leo í, níl aon ráthaíocht ann go mbeidh áit mhaoinithe ar fáil i do rogha soláthraí réamhscolaíochta.
2. Cá háit a mbíonn áiteanna maoinithe réamhscolaíochta ar fáil?
I réimse soláthraithe réamhscolaíochta, ar a n-áirítear:
- naíscoileanna;
- ranganna/aonaid naíscolaíochta i mbunscoileanna; agus
- soláthraithe deonacha agus príobháideacha réamhscolaíochta ar cuid den Chlár Réamhscolaíochta iad.
Tá na háiteanna seo ar fáil d’iomlán na scoilbhliana ag tosú ar 1 Meán Fómhair 2013
3. Cá háit a dtig liom fáil amach faoi áiteanna maoinithe réamhscolaíochta i mo cheantarsa?
Tá leabhrán ina bhfuil liosta den soláthar réamhscolaíochta uile i do cheantar ar fáil ó do sholáthraí áitiúil réamhscolaíochta nó is féidir teacht air ó shuíomh idirlín bord oideachais agus leabharlann. Tá eolas faoin phróiseas iontrála ar fáil fosta ar shuíomh idirlín NI Direct. Tá na sonraí teagmhála i bparagraf 23.
4. Cá huair is gá dom iarratas a chur isteach ar áit mhaoinithe réamhscolaíochta do mo pháiste?
Is é meán lae, Aoine 11 Eanáir 2013 an dáta deiridh faoi choinne iarratas chuig gach soláthraí réamhscolaíochta. Cloítear go docht leis an spriocdháta seo. Má chuirtear iarratas isteach i ndiaidh an spriocdháta seo, d’fhéadfadh sé tionchar a bheith aige ar an deis atá agat áit mhaoinithe réamhscolaíochta a fháil do do pháiste óir meastar iarratais mhalla i ndiaidh iarratais phoncúla.
5. Cad é mar a chuirim isteach ar áit mhaoinithe réamhscolaíochta?
Tríd an ghnáthamh iarratas, is féidir gach soláthraí réamhscolaíochta (naíscoileanna/-aonaid, soláthraithe réamhscolaíochta deonacha/príobháideacha) ar mian leat iarratas a chur chucu ar áit mhaoinithe do do pháiste a liostú, ar aon fhoirm amháin, in ord rogha. Tá an fhoirm iarratais ar fáil ar líne ó sholáthraí ar bith réamhscolaíochta nó is féidir teacht uirthi ar shuíomh idirlín bord oideachais agus leabharlann. Ba chóir soláthraithe réamhscolaíochta a liostú in ord rogha agus an fhoirm a chur ar ais chuig do chéad rogha soláthraí réamhscolaíochta roimh an dáta deiridh, meán lae, Aoine 11 Eanáir 2013.
6. Tá ainm mo pháiste ar liosta iontrála réamhscolaíochta cheana féin. An gá dom foirm iarratais ar áit mhaoinithe a chomhlánú?
Is gá. Caithfidh gach tuismitheoir atá ag iarraidh áit mhaoinithe dá bpáistí foirm iarratais a chomhlánú.
7. An bhfuil níos mó ná foirm iarratais amháin le comhlánú agam má tá an liosta de mo rogha soláthraithe lonnaithe i gceantair éagsúla Bhoird?
Níl. Ní gá duit ach foirm amháin iarratais a chomhlánú agus í a chur chuig do rogha soláthraí.
8. Cad chuige ar chóir dom níos mó ná soláthraí amháin a liostú ar m’fhoirm iarratais?
Gheobhaidh roinnt soláthraithe níos mó iarratas ná a bhfuil d’áiteanna ar fáil. Mar sin de, ní féidir áit a ghealladh ag aon soláthraí réamhscolaíochta. Mura liostaíonn tú ach soláthraí amháin, d’fhéadfaí nach n-éireodh le d’iarratas má tá siad ró-shuibscríofa ó thaobh iarratais de. Mura liostaíonn tú go leor roghanna ag Céim 1 den phróiseas, ní bheidh deis agat cur leis an liosta go dtí Céim 2 den phróiseas.
Is féidir 6 rogha a liostú ar an fhoirm iarratais agus is féidir roghanna breise a liostú ar leathanach breise más mian leat. Moltar go tréan go liostaíonn tú, in ord rogha, gach soláthraí inar mian leat go gcuirfear iarratas do pháiste san áireamh óir is mar sin a bheidh an deis is fearr agat áit mhaoinithe réamhscolaíochta a fháil. Le go mbeidh siad incháilithe ar áiteanna maoinithe réamhscolaíochta, is gnách go mbíonn ar sholáthraithe réamhscolaíochta deonacha/príobháideacha ar a laghad 8 páistí a bheith ar an rolla acu ina mbliain deiridh réamhscolaíochta. Mura bhfuil soláthraí in ann an ceanglas seo a chomhlíonadh, d’fhéadfaí go dtarraingeofaí siar ón Chlár iad, mura bhfuil cúinsí eisceachtúla i bhfeidhm. Léiríonn sé seo an fáth a dtiocfadh leis bheith tábhachtach níos mó ná soláthraí amháin a liostú mar rogha.
9. Cé na doiciméid is gá dom a chur ar fáil le m’iarratas?
Tá treoir eisithe ag an Roinn Oideachais chuig scoileanna agus chuig soláthraithe réamhscolaíochta ar eolas tábhachtach “dualgas deimhnithe” atá mar chuid d’iarratais iontrála. Is ar an ábhar seo a iarrfaidh soláthraithe réamhscolaíochta ort doiciméid a chur ar fáil a dheimhníonn aois do pháiste (teastas breithe) agus d’fhéadfadh siad doiciméid a dheimhníonn do sheoladh a iarraidh.
Tá ceanglas dlí ar sholáthraithe réamhscolaíochta tús áite a thabhairt do pháistí as cúlra ina bhfuil míbhuntáiste sóisialta. Caithfidh tuismitheoirí a fhaigheann sainleasa (Liúntas Ioncaim nó Liúntas Cuardaitheora Poist bunaithe ar ioncam) a iarraidh ar an Oifig Leasa Shóisialta áitiúil a bhfoirm iarratais a stampáil más mian leo tús áite a éileamh sa phróiseas iontrála ar an bhonn sin. Caithfear é seo a dhéanamh roimh an dáta deiridh meán lae Aoine 11 Eanáir 2013.
Má thagann athrú ar na tosca agat i ndiaidh thús an phróiseas iontrálacha, tá dátaí sainithe i leabhrán iontrála an BOL a gcaithfear cloí leo le mionsonraí athruithe a chur in iúl.
Ba chóir duit a chinntiú go gcuirfear ar fáil go pras doiciméad ar bith a iarrfar óir d’fhéadfadh aon mhoill dul i bhfeidhm ar d’iarratas.
10. Cad é mar a shocraíonn soláthraithe réamhscolaíochta cé a fhaigheann áit mhaoinithe?
Más mó an líon iarratas a fhaigheann soláthraí réamhscolaíochta ná an líon áiteanna atá ar fáil, caithfidh an soláthraí sin critéir iontrála a chur i bhfeidhm. Mar is gá de réir na reachtaíochta, caithfidh siad tús áite a thabhairt an chéad uair do phaistí as cúlra ina bhfuil míbhuntáiste sóisialta (.i. páistí tuismitheoirí a faigheann Liúntas Ioncaim nó Liúntas Cuardaitheora Poist bunaithe ar ioncam).
11. Cad chuige a dtugtar tús áite do pháistí as cúlra ina bhfuil míbhuntáiste sóisialta ?
Léiríonn torthaí taighde go bhfuil claonadh ag páistí as cúlra ina bhfuil míbhuntáiste sóisialta níos mó deacrachtaí a bheith acu ar scoil ná mar a bhíonn ag páistí eile. Is léiriú é an tosaíocht a thugtar do pháistí as cúlra ina bhfuil míbhuntáiste sóisialta ar aidhm na Roinne tearcghnóthachtáil oideachais a laghdú ar bhonn fadtéarmach.
12. Cé na critéir eile a úsáideann soláthraithe réamhscolaíochta?
I ndiaidh dóibh an critéar míbhuntáiste sóisialta a chur i bhfeidhm, d’fhéadfadh Bord Gobharnóirí naíscoile nó naí-aonaid, nó Coiste Bainistíochta/Úinéir soláthraí réamhscolaíochta deonach/príobháideach a rogha critéir fholisithe a chur i bhfeidhm ach is gá gur féidir iarratasóirí a chur in ord tosaíochta ionas gur léir cá huair a líontar an áit deiridh atá ar fáil.
Ba chóir duit mionscrúdú a dhéanamh ar na critéir iontrála a úsáideann do rogha soláthraithe leis an seans atá ag do pháiste áit a fháil a mheas.
Nuair a dhéanann tú é seo, ba chóir duit fios a bheith agat go gcuireann soláthraithe áirithe critéar i bhfeidhm a thugann tús áite d’iarratasóirí a liostaigh an soláthraí sin mar chéad rogha. Roimh roghanna eile a ainmniú, cinntigh an dtugann siadsan tús áite fosta d’iarratasóirí a ainmníonn iad mar chéad rogha. Is don chéad soláthraí a ainmnítear ar do liosta agus don soláthraí sin amháin is féidir critéar a chomhlíonadh a thugann tús áite d’iarratasóirí céad rogha.
Ba chóir duit fios a bheith agat fosta, fiú má liostaíonn tú soláthraí mar chéad rogha, go bhféadfaí gurbh fhearr a chomhlíonfadh iarratasóir eile a liostaigh an soláthraí sin mar an dara soláthraí nó níos ísle, na critéir fhoilsithe iontrála agus go bhfaigheadh siad áit roimh do pháiste. Is toradh féideartha é seo ar aon chóras iontrála bunaithe ar roghanna.
13. Cad é an soláthar atá déanta ar pháistí a bhfuil sainriachtanais oideachais acu?
Aon uair amháin a chomhlánaítear an gá le tús áite a thabhairt do pháistí as cúlra ina bhfuil míbhuntáiste sóisialta, socraíonn soláthraithe a gcritéir féin agus d’fhéadfadh siad tús áite a thabhairt do pháistí a bhfuil sainriachtanais oideachais acu. Lena chois sin, d’fhéadfadh boird oideachais agus leabharlann, nuair is cuí agus mar chuid de phróiseas ar leith, áit a thabhairt do pháistí a bhfuil Ráitis Sainriachtanas Oideachais acu i suíomh réamhscolaíochta a fhreastalaíonn ar a riachtanais ar leith.
14. An bhfaighidh mo pháiste an réamhscolaíocht chéanna ag gach soláthraí?
Maidir le gach soláthraí taobh istigh den chlár réamhscolaíochta:
- cumhdaíonn siad an curaclam réamhscolaíochta céanna;
- déanann an Chigireacht Oideachais agus Oiliúna cigireacht orthu i leith na gcaighdeán céanna oideachais;
- comhlíonann siad caighdeáin shainiúla i leith cáilíochtaí foirne agus líon foirne;
- tá tacaíocht shaineolach acu ó mhúinteoir cáilithe nó ó speisialtóir luath-óige; agus
- cuireann siad torthaí cigireachta ar fáil do thuismitheoirí.
15. Cá huair a bheidh mo pháiste in ann freastal?
Tairgtear roinnt áiteanna réamhscolaíochta ar bhonn lánaimseartha, roinnt eile ar bhonn páirtaimseartha. Tá mionsonraí ar fail ó sholáthraithe aonair agus tá siad sna leabhráin iontrála a fhoilsítear ar shuíomhanna idirlín na mbord oideachais agus leabharlann.
Léiríonn torthaí taighde go bhfuil áit pháirtaimseartha, ó thaobh an oideachais de, lán chomh tairbheach le háit lánaimseartha
16. An gcaithfidh mo pháiste freastal ar gach seisiún réamhscolaíochta?
Níl an réamhscolaíocht éigeantach ach tá tairbhe thábhachtach le baint as an réamhscolaíocht ardchaighdeáin. Má ghlacann tú le tairiscint áit réamhscolaíochta, bítear ag dúil go gcinntíonn tú go mbíonn do pháiste ag freastal de réir na n-uaireanta atá leagtha amach ag an soláthraí a roghnaigh tú, ach amháin i gcás tinnis nó cúiseanna eile gan choinne.
17. An mbíonn áit mhaoinithe go hiomlán saor ó tháillí?
Ba chóir do thuismitheoirí fios a bheith acu go bhféadfaí go ngearrfadh soláthraithe réamhscolaíochta táille ar sheirbhísí áirithe a thairgtear (m.sh. smailceanna, lónta, gníomhaíochtaí seach-churaclaim) i ndiaidh do do pháiste áit a fháil. Níor chóir go mbeadh aon bhaint ag táillí den sórt seo le soláthar an churaclaim réamhscolaíochta agus. Maidir le soláthraithe neamhreachtúla (.i. deonach nó soláthraithe príobháideacha), níor chóir go mbainfeadh siad leis an íostréimhse 2½ uair réamhscolaíochta a mhaoiníonn an Roinn Oideachais. Bíonn táillí eagsúla ag soláthraithe agus, mar sin de, b’fhéidir gur mhian le tuismitheoirí cúrsaí táillí a shoiléiriú lena rogha soláthraithe roimh iarratas a chur isteach.
Tairgeann roinnt suíomhanna réamhscolaíochta seirbhísí cúram páistí chomh maith leis an tréimhse mhaoinithe réamhscolaíochta. Más mian leat feidhm a bhaint as cúram breise páistí, is socrú idir thú féin agus an soláthraí é sin agus ní haon chuid den soláthar maoinithe réamhscolaíochta é.
18. Cad chuige a bhfuil 2 chéim sa Phróiseas Iontrála Réamhscolaíochta?
Is é aidhm an phróisis Iontrála 2 Chéim, a chinntiú go bhfaigheann a oiread páistí agus is féidir ina mbliain deiridh réamhscolaíochta áit mhaoinithe réamhscolaíochta. Ag deireadh Chéim 1 den phróiseas, gheobhaidh tuismitheoirí nach bhfuil áit faighte ag a bpáistí eolas ar áiteanna atá ar fáil go fóill agus beidh faill acu roghanna eile a ainmniú lena meas le linn Chéim 2. Moltar go tréan do thuismitheoirí an deis a thapú ag Céim 2 le roghanna eile a éileamh.
Beidh liosta soláthraithe a bhfuil áiteanna ar fáil acu taobh istigh de cheantar bhord oideachais agus leabharlann sa litir a gheobhaidh tú ag an phointe seo. Is é aidhm na litreach seo cuidiú leat roghanna eile a éileamh ar sholáthraithe a bhfuil áiteanna ar fáil acu. Ní tairiscint áite ag aon soláthraí í, ná ní bheidh sí ag maíomh gur rogha chuí do do pháiste roinnt de na soláthraithe nó gach soláthraí a liostaítear. Is fút féin amháin a bheidh an cinneadh sin.
19. Cá huair a bheidh a fhios agam an bhfuil áit ag mo pháiste?
Eiseofar litreacha ag deireadh Chéim 1 Dé Céadaoin 10 Aibreán 2013 agus ag deireadh Chéim 2 Dé hAoine Bealtaine 2013.
20. Ar chóir dom a shocrú go n-aistreoidh mo pháiste ó áit mhaoinithe réamhscolaíochta go dtí rang réamhbhliana i mbunscoil óna 4ú lá breithe?
Tairgeann an clár réamhscolaíochta do pháistí clár oideachais neamhéigeantach atá oiriúnach ó thaobh forbartha de. D’fhéadfaí cur as d’fhorbairt oideachais agus shóisialta do pháiste dá n-aistreofaí é/í chuig rang réamhbhliana i rith na bliana. Lena chois sin, is é an chomhairle a thugann Cigireacht Oideachais agus Oiliúna na Roinne (ETI), cé go bhfuil cuid den soláthar réamhbhliana go maith, ní hionann an caighdeán i ngach cuid den earnáil agus ní thugann sé eispéireas foghlama atá oiriúanch ó thaobh forbartha de. Is próiseas ar leith é na socruithe iontrála réamhbhliana seachas an próiseas iontrála réamhscolaíochta
21. Cad é a thig liom a dhéanamh mura bhfaighidh mo pháiste áit mhaoinithe ag deireadh Chéim 2 den phróiseas?
Má bhíonn folúntas ann i ndiaidh Aoine 31 Bealtaine 2013, déanfar iarratasóirí a mheas de réir pholasaí liosta feithimh an tsoláthraí. Déan teagmháil dhíreach le soláthraithe maidir le háit do pháiste ar liosta feithimh nó ceist ar bith a bhaineann le polasaí liosta feithimh.
D’fhéadfadh áiteanna neamh-mhaoinithe, a n-íocann tuismitheoirí astu, a bheith ar fáil fosta ag roinnt soláthraithe réamhscolaíochta deonacha/príobháideacha. Ba chóir do thuismitheoirí teagmháil dhíreach a dhéanamh leis na soláthraithe seo le haghaidh tuilleadh eolais.
22. Achomhairc in aghaidh cinntí iontrála
Tig le tuismitheoirí achomharc a chur faoi bhráid binse achomharc iontrálacha neamhspleách i gcás iarratas ar naíscoil nó naí-aonad. Ní thig le binsí a mbreith a thabhairt ach ar cé acu a cuireadh na critéir fhoilsithe iontrála i bhfeidhm mar ba chóir nó nár cuireadh. Is iad na tuismitheoirí atá iomlán freagrach as a chinntiú go gcuirtear an t-eolas ábhartha cuí uile ar an fhoirm iarratais nó go bhfuil sé ceangailte di. Tá tuilleadh eolais ar fáil taobh istigh de na leabhráin iontrála BOL.
Níl aon ghnás achomhairc ann i leith iarratas ar sholáthraithe réamhscolaíochta deonacha nó príobháideacha.
23. Sonraí Teagmhála
Le tuilleadh eolais a fháil ar cá háit a bhfuil áiteanna maoinithe réamhscolaíochta suite i do cheantar agus le cóipeanna d’fhoirmeacha iarratais a fháil, déan teagmháil le do sholáthraí réamhscolaíochta nó tig leat teacht ar eolas ó shuíomh idirlín an bhoird oideachais agus leabharlann chuí.
Bord Oideachais agus Leabharlann Bhéal Feirste
Teagmháil:Brainse Aistrithe agus Rollú Oscailte
Bord Oideachais agus Leabharlann Bhéal Feirste
40Academy Street
BÉAL FEIRSTE
BT1 2NQ
Teileafón:02890564080
Suíomh Idirlín:www.belb.org.uk
Bord Oideachais agus Leabharlann an Iarthair
Teagmháil:Brainse Aistrithe agus Rollú Oscailte
Bord Oideachais agus Leabharlann an Iarthair
1Hospital Road
AN ÓMAIGH
Co Thír Eoghain
BT79 0AW
Teileafón:02882411458
Suíomh Idirlín:www.welbni.org
Bord Oideachais agus Leabharlann an Oir-Thuaiscirt
Teagmháil:Brainse Aistrithe agus Rollú Oscailte
Bord Oideachais agus Leabharlann an Oir-Thuaiscirt
CountyHall
182GalgormRoad
AN BAILE MEÁNACH
CoAontroma
BT42 1HN
Teileafón:02825662197
Suíomh Idirlín:www.neelb.org.uk
Bord Oideachais agus Leabharlann an Oir-Dheiscirt
Teagmháil:Cabhairlíne Réamhscolaíochta
Bord Oideachais agus Leabharlann an Oir-Dheiscirt
GrahamsbridgeRoad
Dún Dhónaill
BÉAL FEIRSTE
BT16 2HS
Teileafón:02890566981
Suíomh Idirlín:www.seelb.org.uk
Bord Oideachais agus Leabharlann an Deiscirt
Teagmháil:Cabhairlíne Réamhscolaíochta
Bord Oideachais agus Leabharlann an Deiscirt
3Charlemont Place
ARD MHACHA
BT61 9AX
Teileafón:02837512526/2455
Suíomh Idirlín:www.selb.org
NI Direct
www.nidirect.gov.uk/funded-pre-school-education
Related Links
\l






