Skip the NI Direct Bar
Skip to content

Leagann feachtas fógraíochta béim ar an bhfíric gur ‘fearr i bhfad a éiríonn leis an oideachas nuair a bhíonn páirt agat féin ann’

17 Meán Fómhair 2012

Láinseáil an tAire Oideachais, John O’Dowd, feachtas nua fógraíochta inniu a bhfuil sé mar aidhm aige feasacht a ardú ar luach oideachais mhaith agus béim a chur ar an bhfíric gur ‘fearr i bhfad a éiríonn leis an oideachas nuair a bhíonn páirt agat féin ann’.

Cuireann an feachtas seo a chraolfar ar ardán cumarsáide leathan lena chuimsítear teilifís, raidió agus suíomhanna lasmuigh, béim ar an ról ríthábhachtach a bhíonn ag tuismitheoirí cabhrú le páistí le go n-éireoidh go maith leo ar scoil agus lena gcuid deiseanna saoil a fheabhsú.  

Ag labhairt ag cuairt scoile go Naíscoil Naomh Thérèse sa Pholl Glas nuair a bhuail sé le daltaí agus a dtuismitheoirí, dúirt an tAire O’Dowd: “Nuair a fhaigheann duine óg oideachas maith, osclaíonn sé féidearthachtaí dó nach raibh riamh ag a thuismitheoirí, b’fhéidir. Léireoidh an feachtas a thosaíonn inniu gur féidir le tuismitheoirí agus le teaghlaigh rudaí simplí a dhéanamh chun go n-éireoidh níos fearr lena bpáiste ar scoil agus chun go n-osclófar na féidearthachtaí seo amach dó.  

“Ní thuigeann gach duine an tábhacht a bhaineann le tuismitheoirí agus le daoine muinteartha i saol an pháiste: is iad na chéad mhúinteoirí s’aige. Is féidir le tuismitheoirí agus le daoine muinteartha rudaí a dhéanamh, fiú le páiste an-óg, le chabhrú leis a phoitéinseal a bhaint amach nuair a théann sé ar scoil. Déanann rudaí cosúil le rainn a mhúineadh do pháiste agus rudaí laethúla a chomhaireamh leis difríocht ollmhór.  

“Spreagann an ghafacht seo le saol an pháiste ó aois óg, buntáistí don pháiste níos moille. Mar shampla, thaispeáin stáidear úrnua ar dhaoine de 15 d’aois gur éirigh i bhfad níos fearr ar scoil le daltaí i P1 ar léigh a dtuismitheoirí dóibh ná na daltaí nár léigh a dtuismitheoirí dóibh.  

“Is féidir le tuismitheoirí agus le daoine muinteartha páirt a ghlacadh trí spéis a léiriú in oideachas an pháiste le go n-éireoidh níos fearr leis ar scoil. I measc na gníomhartha a chabhraíonn go mór, tá leabhar a léamh leis an bpáiste gach lá agus labhairt faoi na rudaí a rinne sé ar scoil. Tógann na rudaí seo beagán ama, ach cabhróidh siad leis an bpáiste go fad-téarmach.  

Tosóidh an feachtas le fógra teilifíse agus déanfar rolláil amach air le go gcuimseoidh sé raidió, feachtas idirlín agus suíomhanna lasmuigh. Seolfar tuismitheoirí ar aghaidh ag an suíomh idirlín ag www.nidirect.gov.uk/education-works le teacht ar smaointí faoi chluichí agus gníomhartha dá bpáiste.

Arsa an tAire: “Táim ag iarraidh go mór go ndéanfaí rud amháin soiléir do thuismitheoirí agus don chiorcal teaghlaigh i gcoitinne agus sin go bhfuil deiseanna ag do pháiste éirigh go maith leis ar scoil beag beann ar a chúlra sóisialta. Tá cuid mhaith tuismitheoirí nach raibh eispéiris dhearfacha acu ar scoil. Tá an fhianaise idirnáisiúnta soiléir, áfach, – is cuma cé tú féin, cén cúlra atá agat, is féidir leat tionchar dearfach a imirt ar oideachas do pháiste trí pháirt a ghlacadh ann agus trí roinnt céimeanna simplí a ghlacadh.”

Le linn a chuairte, bhuail an tAire le daltaí a raibh a mbliain réamhscoile díreach tosaithe acu. Anuas air seo, bhuail sé le tuismitheoirí a raibh baint acu le gníomhartha leis na páistí ag an scoil.

Dúirt an tUasal O’Dowd: “Seasann pobal Naíscoil Naomh Thérèse mar eiseamláir iontach de thuismitheoirí bainteach in oideachas a gcuid páiste agus bhí lúcháir orm fianaise a fheiceáil den luach a chuireann an pobal ar luathoideachas.  

“Ní ghá do thuismitheoirí páirt a ghlacadh i saol na scoile le cabhrú lena bpáiste, ach caithfear a thuiscint nach dtosaíonn agus nach gcríochnaíonn an t-oideachas ag an ngeata scoile.”

“Tá súil agam go dtaispeánann an feachtas seo do thuismitheoirí atá ag iarraidh an rud is fearr a bhaint amach dá bpáiste, na céimeanna simplí gur féidir leo a ghlacadh le cabhrú le fás agus forbairt a bpáiste.”

Nótaí d’eagarthóirí:

  1. Amharc ar fhíseáin de chuid na Roinne Oideachais ar ár gcainéal YouTube ag: www.youtube.com/thedeptofeducation
  2. Amharc ar ghrianghraif ón Roinn Oideachais inár mbailiúchán ag www.flickr.com/niexecutive
  3. Má tá ceist agat, déan teagmháil le Preasoifig na Roinne Oideachais Guthán: 028 9127 9207. Taobh amuigh d’uaireanta oifige, déan teagmháil leis an Phreasoifigeach atá ar dualgas ar an uimhir ghlaoire 076 99 715 440, agus cuirfear scairt ar ais ort.