Litreacha Iar-Bhunscolaíochta le heisiúint
24 Bealtaine 2012
Cuirfear in iúl Dé Máirt seo chugainn do na páistí sin a bheidh ag aistriú chuig an oideachas iar-bhunscolaíochta an Fómhar seo an scoil a mbeidh siad le haistriú chuici i mí Mheán Fómhair.
Cuirfear tuismitheoirí ar an eolas chomh maith, leis na litreacha seo, maidir leis an dóigh a dtig achomharc a dhéanamh sa chás nach n-éireodh le hiarratas. Déanfar na litreacha seo a sheachadadh Dé Máirt agus ní Dé Sathairn, mar a bhí amhlaidh blianta eile roimhe seo.
Arsa urlabhraí thar ceann na Roinne Oideachais: “Cuirfear in iúl, trí na litreacha seo, ainm na scoile inar éirigh leis an pháiste áit a fháil. I gcás bhunús na bpáistí, is amhlaidh gurb í an scoil céad rogha a bheidh i gceist anseo.”
“I gcás na dtuismitheoirí sin a chreideann gur diúltaíodh go míchothrom d’iarratas a bpáiste ar scoil áirithe, beidh eolas breise faoi iamh sa litir maidir leis an dóigh le hachomharc a thaisceadh. Míneofar chomh maith an dóigh a dtig le tuismitheoirí dul i muinín an Fhorais um Chúinsí Eisceachtúla sa chás go measann siad go bhfuil cúiseanna láidre ann ar cheart dá bpáiste freastal ar scoil áirithe.
“Eiseofar na litreacha seo i lár na seachtaine i mbliana, murab ionann agus an nós roimhe seo. Déanfar é seo mar fhreagairt ar fhadhbanna a tháinig aníos anuraidh nuair a d’fhág moilleanna sa tseirbhís poist nach bhfuair roinnt tuismitheoirí an t-eolas ríthábhachtach seo ar an dáta dlite. Ó tharla gur thit an dáta dlite seo ag deireadh na seachtaine go díreach roimh lá saoire bainc, tharla go raibh trí lá ann sula raibh faill ag tuismitheoirí teagmháil a dhéanamh le hoifigeach sa Bhord Oideachais agus Leabharlann nó sa bhunscoil acu le comhairle a iarraidh.
Measadh nach raibh sé seo inghlactha agus d’iarr an Roinn, dá réir, ar na Boird Oideachais agus Leabharlann an clár ama d’Aistriú 2012 a choigeartú le go bhféadfaí fadhbanna den chineál chéanna a sheachaint i mbliana. Is mar gheall air seo a bheifear ag eisiúint na litreacha i lár na seachtaine i mbliana agus cuireadh an t-athrú seo in iúl do gach bunscoil ar 16 Samhain 2011. Luadh dáta eisiúna seo na litreacha chomh maith sna leabhráin aistrithe a eisíodh do thuismitheoirí i mí Eanáir.
“Déanfaidh an Roinn tionchar an athraithe seo a mheas i ndiaidh chur i gcrích an ghnáthaimh aistrithe agus rachfar i gcomhairle leis na Boird Oideachais agus Leabharlann lena bhreithniú cé acu is gá aon athruithe eile a thabhairt isteach le haghaidh Aistriú 2013.”
Nótaí d’Eagarthóirí:
- Is féidir amharc ar fhíseáin de chuid na Roinne Oideachais ar an chainéal YouTube s’againn ag: www.youtube.com/thedeptofeducation
- Is féidir grianghraif de chuid na Roinne Oideachais a fheiceáil sa bhailiúchán s’againn ag www.flickr.com/niexecutive
- Fiosrúcháin ó na meáin; déantar teagmháil le Foireann Chumarsáide na Roinne Oideachais tríd an uimhir ghutháin 028 9127 97901. Lasmuigh d’uaireanta oifige, déantar teagmháil leis an Phreasoifigeach ar Dualgas tríd an uimhir ghlaoire 07699 715 440 agus cuirfear scairt ar ais ort.






