O’DOWD I nDIAIDH DIÚLTÚ DO MHOLADH FAOI CHOINNE AONAD ÚR NAÍSCOLAÍOCHTA LÁN-GHAEILGE I nDOIRE
21 August 2012
Tá an tAire Oideachais, John O’Dowd, i ndiaidh diúltú do Mholadh Forbartha faoi choinne aonad úr naíscolaíochta lánaimseartha ag Gaelscoil na Daróige i nDoire.
Ag labhairt dó fá dtaobh den chinneadh s’aige, arsa an tAire: “Ní haon rún é an dearcadh atá agamsa ar luach an tsoláthair réamhscolaíochta do pháistí óga. D’fhógair mé i mí na Bealtaine maoiniú breise dar luach breis is £13m do sheirbhísí luathbhlianta do na trí bliana atá amach romhainn agus úsáidfear sciar den airgead sin le hinfhaighteacht na n-áiteanna réamhscolaíochta a mhéadú.
“Tá níos mó i gceist leis an dúshlán atá romhamsa ná tuilleadh áiteanna réamhscolaíochta a chruthú, is amhlaidh gur gá domhsa a chinntiú go léiríonn leibhéal an tsoláthair réamhscolaíochta riachtanais an cheantair áitiúil. Ní mór imscrúdú cúramach a dhéanamh ar achan mholadh forbartha, bunaithe ar an fhaisnéis ar fad a bhaineann leis an chás aonair atá i gceist. Sa chás áirithe seo, tá mise sásta go bhfuil soláthar réamhscolaíochta leorga ar fáil trí mheán na Gaeilge cheana féin sa cheantar seo.”
Mar chonclúid, arsa an tAire: Tá mise lántiomanta do spreagadh agus d’éascú fhorbairt an Ghaeloideachais, lena n-áirítear in earnáil na réamhscolaíochta. Tá de rogha ag tuismitheoirí oideachas a chur ar a bpáistí trí mheán na Gaeilge agus tá mise muiníneach go dtig freastal ar a gcuid riachtanas leis an tsoláthar réamhscolaíochta atá ar fáil cheana trí mheán na Gaeilge sa cheantar seo.”
Leanfaidh an Grúpa Comhairleach Réamhscolaíochta i mBord Oideachais agus Leabharlann an Iarthair leis an mhonatóireacht ar an éileamh atá ann ar sholáthar réamhscolaíochta trí mheán na Gaeilge lena chinntiú go mbíonn go leor áiteanna ar fáil le freastal ar riachtanais na dtuismitheoirí sin ar mian leo áit a fháil dá bpáistí i suíomh réamhscolaíochta.
Nótaí d’eagarthóirí
- I ndiaidh iarratas ó Bhord Gobharnóirí Ghaelscoil na Daróige, d'fhoilsigh Bord Oideachais agus Leabharlann an Iarthair (an Bord) Moladh Forbartha Uimh. 227 ar 15 agus 16 Bealtaine 2012, lenar moladh go mbunófaí aonad úr naíscolaíochta lánaimseartha lán-Ghaeilge ar shuíomh Ghaelscoil na Daróige le héifeacht ó 1 Meán Fómhair 2012 nó chomh luath agus ab fhéidir ina dhiaidh sin. Chríochnaigh an tréimhse reachtúil 2-mhí agóide ar 17 Iúil 2012.
- Bhí sé beartaithe go dtiocfadh an t-aonad naíscolaíochta isteach in áit an tsoláthair a chuireann Naíscoil Mhaol Íosa ar fáil i láthair na huaire. Tá Naíscoil Mhaol Íosa lonnaithe i gcóiríocht shaintógtha ar an láthair chéanna le Gaelscoil na Daróige i mBaile Mhic Rabhartaigh.
- Is grúpa súgartha deonach í Naíscoil Mhaol Íosa ina raibh 15 áit réamhscoile mhaoinithe agus 6 áit neamhmhaoinithe in 2011/12. Táthar i ndiaidh na háiteanna maoinithe réamhscoile a laghdú go dtí 14 faoi choinne 2012/13 agus níor leithdháileadh ach 11 de na háiteanna sin.
- In 2011/12, b’ionann leibhéal an tsoláthair réamhscolaíochta lán-Ghaeilge sa cheantar seo agus 175%. B’ionann leibhéal an tsoláthair reachtúil naíscoile a líon páistí faoi bhun 3 bliana d’aois agus 34.62%.
- Tabhair cuairt ar chainéalYouTube na Roinne Oideachais ar www.youtube.com/thedeptofeducation
- Fiosrúcháin ó na meáin chumarsáide chuig Preasoifig na Roinne Oideachais ar 028 9127 9207. Taobh amuigh d’uaireanta oifige, déan teagmháil leis an Phreas-Oifigeach ar Dualgas ar an uimhir ghlaoire 076 99 715 440 agus cuirfear scairt ar ais ort.






