Skip the NI Direct Bar
Skip to content

OSCLAÍONN O’DOWD FOIRGNEAMH NUA DO SCOIL NA FUISEOIGE, BÉAL FEIRSTE

19 Deireadh Fómhair 2012

Tá saoráidí nua do Scoil na Fuiseoige i mBéal Feirste, ar luach £1.68 milliún, oscailte ag an Aire Oideachais, John O’Dowd.

Ag labhairt ag an ócáid oscailte, dúirt an tAire:“Is onóir dom cuireadh a fháil ó Scoil na Fuiseoige leis an bhfoirgneamh nua, iontach seo a oscailt go hoifigiúil. Tá infheistíocht de níos mó ná £1.68 milliún curtha isteach sna saoráidí nua seo ag mo Roinn. Cumasóidh siad seo an scoil le dul ó neart go neart agus í ag druidim lena tríú deich mbliana ag soláthar oideachais trí mheán na Gaeilge do dhaoine óga sa cheantar áitiúil.

“Tá borradh faoin ngaeloideachas fud fad thuaiscirt na hÉireann agus tá níos mó éilimh air ná mar a bhí riamh. Tá mé tiomanta do chinntiú go leanann an rogha do thuismitheoirí, oideachas a chur ar a bpáistí trí mheán ár dteanga dhúcháis. Bíonn bunús foghlama láidir d’ábhar air bith ag páistí atá dátheangach ó aois óg agus bíonn sé níos éasca orthu teangacha eile a fhoghlaim.”

Mar fhocal scoir, dúirt an tAire: “Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach duine a raibh baint acu le tógáil na scoile nua agus guím gach rath ar na daltaí, an fhoireann, na Gobharnóirí agus gach éinne a bhfuil baint acu leis an scoil agus iad ag tabhairt aghaidhe ar an todhchaí.”

Nótaí d’Eagarthóirí:

  1. Tá an bunscoil nua tógtha ar an suíomh reatha/sudomh na scoile seirbhísí breise. Scoil chúig seomra nua-aoiseach atá sa bhunscoil nua seo. Tá costas thart ar £1.68 milliún ar an tionscadal.
  2. D’oscail Scoil na Fuiseoige mar scoil neamhspleách sa bhliain 1992 agus d’athraigh sí ina hAonad Satailíte de chuid Bunscoil Phobal Feirste i 1994. D’iompaigh an scoil ina scoil dheontaschúnta i 1997. Freastalaíonn sí ar dhaltaí ón bPoll Glas, ó Lag Mór agus ó Chill Uaighe.
  3. Bhí Scoil na Fuiseoige mar chuid den phacáiste maoinithe de £23 milliún a fógraíodh i mí Lúnasa 2010 agus a chuimsíonn 13 scoil. Thosaigh an obair thógála i mí Bealtaine 2011 agus chríochnaigh sí, laistigh den chlár ama, ar an 6 Meitheamh 2012.
  4. Tá feachtas fógraíochta nua ‘Is fearr i bhfad a éiríonn leis an oideachas nuair a bhíonn páirt agat féin ann’ leanseáilte ag an Roinn Oideachais. Spreagann an feachtas seo teaghlaigh le spraoi, le labhairt, le léamh agus le comhaireamh lena bpáistí toisc gur ‘fearri bhfad a éiríonn leis an oideachas nuair a bhíonn páirt agat féin ann’. Bí ag faire amach do na fógraí ar theilifís, ar raidió agus ar suíomhanna lasmuigh. Cuireann an feachtas béim ar an ról rí-thábhachtach a bhíonn ag teaghlaigh cabhrú le páistí le go n-éireoidh go maith leo ar scoil agus lena gcuid deiseanna saoil a fheabhsú. Téigh go: www.nidirect.gov.uk/education-works le haghaidh eolais sa bhreis nó féach ar an bhfógra nua teilifíse ar chainéal YouTube na Roinne: www.youtube.com/thedeptofeducation
  5. Féach ar ghrianghraif ón Roinn Oideachais sa ghailearaí ar: www.flickr.com/niexecutive
  6. Le ceisteanna na meán, déan teagmháil le Preasoifig na Roinne Oideachais ar 028 9127 9207. Lasmuigh d’uaireanta oifige, déan teagmháil leis an Oifigeach Preas ar Dualgas ar an uimhir ghlaoire 076 99 715 440 agus cuirfear freagra ar do ghlaoch.