Skip the NI Direct Bar
Skip to content

Osclaíonn O'Dowd naíscoil úr ag Bunscoil an tSléibhe Dhuibh

18 Bealtaine 2012

D'oscail an tAire Oideachais, John O'Dowd, cóiríocht úr naíscoile go hoifigiúil ag Bunscoil an tSléibhe Dhuibh in iarthar Bhéal Feirste.

Le linn na cuairte ar an scoil ar Bhóthar Bhaile Uí Mhurchú, bhuail an tAire le daltaí, foireann, tuismitheoirí agus baill den phobal áitiúil. Chuir sé crann fosta i gcuimhne Patsy Jack, Cúntóir Naíscoile ag an scoil a fuair bás sa bhliain 2009.

Arsa an tAire: "Ba mhór an pléisiúr dom cuairt a thabhairt ar Bhunscoil an tSléibhe Dhuibh inniu agus fáiltím roimh an deis a gcóiríocht úr a oscailt go hoifigiúil. Creidim gur le leas ár bpáistí luath-idirghabháil i dtaca le torthaí oideachasúla de. Is é sin an fáth ar fhógair mé, ní ba luaithe an tseachtain seo, go mbeidh £13.1 milliún breise ar fáil sna trí bliana seo romhainn le hinfheistiú in oideachas luathbhlianta."

Ag leanúínt dó, arsa an tAire: "Is am corraitheach é seo ag Bunscoil an tSléibhe Dhuibh. Is cuid dhílis dár gcomhoidhreacht shaibhir í an Ghaeilge, agus is luachmhar liom na sochair a thairgeann an Ghaelscolaíocht do na páistí agus don phobal i gcoitinne."

Ag críochnú dó, thug an tAire buíochas do gach duine as an fháilte chroiúil a cuireadh roimhe. Ar seisean: "Ba mhaith liom an Príomhoide gníomhach, Róisín Ní Ghadhra, agus na múinteoirí agus an fhoireann uile a mholadh as a gcuid oibre crua, leanúnaí agus guím gach rath ar na daltaí uile amach anseo."

Nótaí d'eagarthóirí:

  1. Amharc ar fhíseán ón Roinn Oideachais ar ár gcainéal YouTube ag: www.youtube.com/thedeptofeducation
  2. Féach grianghraif ón Roinn Oideachais inár gcnuasach ag: www.flickr.com/niexecutive
  3. Fiosrúcháin ó na meáin chumarsáide: déan teagmháil le Foireann Chumarsáide na Roinne Oideachais ar Ghuthan, Uimhir: 028 91 27 9701. Taobh amuigh d'uaireanta oifige, déan teagmháil leis an Phreasoifigeach ar Dualgas via glaoire, uimhir 07699 715 440 agus scairtfear ar ais ort.