TUGANN O’DOWD CUAIRT AR GHAELSCOIL UÍ DHOCHARTAIGH SA tSRATH BÁN
9 Eanáir 2013
Mhol an tAire Oideachais, John O’Dowd, an fás agus an borradh atá faoi Ghaelscoil Uí Dhochartaigh sa tSrath Bán.
Thug an tAire cuairt ar an scoil inniu agus bhain sé sult as léirithe ceoil, rince agus filíochta sula nochtaigh sé plaic chuimhneacháin lena chuairt a mharcáil.
Ag labhairt faoin scoil, dúirt an tAire: “D’fhás Gaelscoil Uí Dhochartaigh ó scoil bheag le ceathrar daltaí lonnaithe i séipéal i 1997, go soláthraí rafar oideachais a fhreastalaíonn anois ar níos mó ná 150 daltaí agus atá fós ag fás.
“Tá rath ar an scoil de bharr oibre crua agus tiomantais an Phríomhoide agus an fhorais mhúinteoireachta, chomh maith le ról na foirne tacaíochta, na mBord Gobharnóirí agus na dtuismitheoirí. Is léir go bhfuil an scoil ag freastal ar fhíor-éileamh ar oideachas trí mheán na Gaeilge i gceantar an tSratha Bháin. Agus tugaim suntas faoi leith don iniúchadh a rinne na cigirí ar chaighdeán ‘maith’ an oideachais atá á sholáthar ag Gaelscoil Uí Dhochartaigh. Tá moladh ag dul don fheidhmíocht láidir seo.
“Le linn a saolré measartha gairid, tuigim go bhfuil naisc láidre cothaithe ag an scoil leis an bpobal áitiúil, gné chomónta i measc na scoileanna maithe go léir. Tugann an comhoibriú idir Gaelscoil Uí Dhochartaigh agus na scoileanna eile sa cheantar misneach dom. Léiríonn an scoil an spiorad comhoibrithe seo leis na ‘pacáistí comhrá’ atá forbartha aici – acmhainní trí mheán na Gaeilge do dhaltaí ar féidir iad a bhreith abhaile agus a úsáid le tuismitheoirí agus le baill chlainne – trí dhianchomhoibriú le scoileanna eile.”
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire: “Is léir go bhfuil Gaelscoil Uí Dhochartaigh ag freastal ar a cuid daltaí. Molaim gach duine a bhfuil baint acu leis an scoil agus guím gach rath orthu don todhchaí.”
Nótaí d’Eagarthóirí:
1. Tá feachtas fógraíochta nua ‘Is fearr i bhfad a éiríonn leis an oideachas nuair a bhíonn páirt agat féin ann’ lainseáilte ag an Roinn Oideachais. Spreagann an feachtas seo teaghlaigh le spraoi, le labhairt, le léamh agus le comhaireamh lena bpáistí toisc gur ‘fearri bhfad a éiríonn leis an oideachas nuair a bhíonn páirt agat féin ann’. Bí ag faire amach do na fógraí ar theilifís, ar raidió agus ar shuíomhanna lasmuigh. Cuireann an feachtas béim ar an ról ríthábhachtach a bhíonn ag teaghlaigh cabhrú le páistí le go n-éireoidh go maith leo ar scoil agus lena gcuid deiseanna saoil a fheabhsú.
Téigh go www.nidirect.gov.uk/education-works le haghaidh eolais sa bhreis.
Féach ar an bhfógra nua teilifíse ar chainéal YouTube na Roinne www.youtube.com/thedeptofeducation
2. Féach ar ghrianghraif ón Roinn Oideachais sa ghailearaí ar: www.flickr.com/niexecutive
3. Le ceisteanna na meán, déan teagmháil le Preasoifig na Roinne Oideachais ar 028 9127 9207. Lasmuigh d’uaireanta oifige, déan teagmháil leis an Oifigeach Preas ar Dualgas ar an uimhir ghlaoire 076 99 715 440 agus cuirfear freagra ar do ghlaoch.






